878
AN GAODHAL.
gus faitchíos air an muintir dhamanta.
Mar nach d-tig linn fios a dheunadh
cia an t-am a d-tiocfaidh lá an Bhreith¬
eamhnais, na dhiaigh sin, tig linn tuairim
a thabhairt go bh-fuil sé n-gar dúinn an
uair a fheíceasmuid neamhsuim a b-páis
Chríost aig na daoinibh; an uair a fheic¬
easmuid droichbheart agus curtha na n-
dhaoineadh aig eirigh as cionn an onóir
agus an t-alltughadh badh chóir do Dhia
fhághail an uair a thiocfas an t-am sin,
tig linn a rádh go bh-fuil la an bhreitheamh¬
nais a lathair. O bheul Chríosd féin
fuair muid cundas air an lá millteach
seo. Ní féidir míothuigsin bheith orrainn
faoi; fuair muid sgeula iomlán air
ó Chríosd. Dearbhuigheann Sé dhúinn go
m-beidh anns na laethibh déighionach olcas
na n-daoineadh cho mór agus go n-eireo¬
chaidh siad a mullach na n-aitheanta aig
maslughadh agus ag cáineadh Dé. Deir
ar Slanuightheoir ansa 13 Cab. de Naomh
Marcus, An uair a chluinfas sibh caint
air chogaidhibh, & a trácht air chogaidhibh,
na bidheadh faitchíos orraibh. Mar is
riachtanach d'a leithéidthe nidhthe a bheith
air bun, ach ní bh-fuil an deireadh go fóil.
Mar eireochaidh naisiún an aghaidh nais¬
iún, ríoghacht a n-aghaidh ríoghacht; beidh
crith talmhan agus gort an go leor áitibh
air fad an domhain. Siad na nidhthe seo
tosach trioblóide agus buaireadh. Ach
amharcadh sibhse arraibh féinn Bheurfaidh
siad suas sibh da thoil a m-baramhuilibh,
agus ans na sineagog buailfear sibh.
agus meallfaidh an dearbhrathair an dhea¬
rbhrathair eile suas chum a bháis, agus
an t-athair an mac; agus eireochaidh
clann suas an aghaidh an athar
agus a máthara, agus oibreóchaidh
siad a m-bás. Agus béidh fuath aig gach
duine orraibh mar gheall air m'ainmse,
ach an te a fhulaingeochas go d-ti an
deireadh béidh sé slánuighthe. Agus an
uair a fheicfas sibh gráinemhlachd an dith¬
reubughadh na sheasadh an áit na'r chóir
dhó bheith, an te léigheas tigeadh sé : an
sin teidheadh siad seo a Judea do na
sléibhtibh. Ans na laethibh seo béidh leith¬
éid a thrioblóid nach rabh air an t-saogh¬
al ó'n cruthughadh, agus nach m-béidh airís
a thoidhche. Ach mar ngeirrigheadh an Tigh¬
earna laethe na n-daoineadh ní bhéidheadh
feoil air bith slanuighthe; mar gheall air
an dream bheannuighthe a ta toghtha Aige,
ghiorraidh Sé na laethe úd. Mar éireó¬
chaidh Criostaidhe fallsa, faidhe fallsa,
agus taisbeánaidh siad iongantais agus
comharthaidhe ionnus go meallfadh siad
(da mb'fhéidir) an dream toghtha féin.
Tugfadh sibh-se aire díbh féin, mar sin.
[Le bheith ar leanmhaint. ]
Following is the composition of a twelve year
old girl and we commend its perusal to those who
begrudge to contribute 60 cents a year to the sup¬
port of the movement which made it possible for
her and others to learn to write such matter. I¬
rishmen, circulate Gaelic literature; the seed will
take root and fructify.
Eabhrach Nuadh, an treas lá do
Abrán, '89
A Shaoi Ionmhuin:
Is dóigh liom gur nuaidheachd dhuit lit¬
ir d'fhághail dod' pháipeur beag maisea¬
mhuil ó chailín beag cho h-óg liom-sa, achd
tá gean mór agam ort, do bhrígh go bh-
fuil tú chó h-imhnídheach a d-teangain al¬
uinn mo shínsear. Chidhmid go minic an
cogadh a tá tú a chómhbhrach air son ar
d-teangain ársaighe, le daoinibh a léig¬
eann ortha a bheith ceannamhuil airthi
Lean leat air do shlíghe féin agus
béidh tú ceart. D'á óige mise atá
beagán feasa agam. Cluinim na daoin¬
ibh fírinneacha ag caint air éilightheoiribh
do mheasas ar d-teanga bhreágh do lot
agus do mhasluigheas thusa agus daoine
uaisle eile air son a n-dílseachda d'ar
nGaodhailge bhreágh. Táim-se da bhliadh¬
ain-deug d'aois anois, agus taim le
breis beag as bliadhan ag foghluim na
Gaodhailge. Tugaim aire mhaith dhi agus
bidheann buidheachas mór agam do gach
popa léigheanta do mhúineas ceacht no
léighean dom inte. Inghean do Phádraic
Ainmneach do chomhnuigheas a n-uibhir 145
anns an seiseadh air fhichid sráid Shoir
de 'n chathair áluinn so. Cuirim bille
doléir ans an leitir bheag so mar dhíol
do 'n Ghaodhal ó thús an rolla so atá
tú anois ag furfhógradh.
Go h-ómósach, do sheirbhíseach
Caitilín M Ní Ainmnigh.
