(5)
7Madh Rol. Uimh. 5.
SEACHT-MHÍ,
1889.
NUAIDHEACHT NA MÍOSA.
Iompóchamuid cómhrádh na míosa seo
le rud éigin a rádh leis na sagairtibh ó-
ga air ar labhramar in áit eile de 'n t-
sileadh seo, eadhon, na h-Aithreacha óga
Matháin, Eobhrach, ua Domhnaill, ua Mur-
chadha, a tá taréis Ord Sagart a ghlac-
adh air feadh bliadhan no dhó.
I d-tosach, déarfamuid leo nach féid-
ir leo níos mó feidhme do dheunadh do'n
g-creideamh 'na saothar na teangan a
chur air aghaidh, de bhrigh dá m-beidheadh sí
bhialtas an chinnidh congbhaighthe as cómh-
air na n-daoinibh le céad bliadhain budh
uras uimhir protustúin Éireannach a
chómhaireamh 'sa tír seo i n-diu.
Ní thig linn mórán milleáin a thabhairt
go na daoinibh d'iompuigh a g-creideamh.
Bídheadar aineolach 'sa m-baile. Do shíl-
eadar nach rabh aon fhóghluim aig a n-aith
reachaibh no aon teanga no liteardha le
fhóghluim acu, agus, mar sin, nach rabh
aon t-síbhialtas acu.
Castar linn Éireannaigh i n-diu a
iarrthas, 'A rabh aibidil aig na hÉir-
eannaighibh?" agus no gur tosuigheamh
saothar na teangan 'san módh látharach,
bhí an leath is mó de mhuintir na n-Éir-
eann air an inntinn cheudna. Nuair a
chruinnigh an cineál seo saidhbhreas san
tir seo, thugadar fóghluim na tíre seo,
suaidhte le domblas Gall, d'a g-clann.
Mar d'éirigh 'n t-aos óg suas fóghluimte
san modh so d'fhiafradar d'a n-aithreach-
aibh timchioll teanga agus fóghluim na h-
Éireann. Dubhairt a n-aithreacha leo nach
rabh aon teanga no aibidil aig a n-aith-
reachaibh; in sin, dubhairt an t-aos óg
leotha fhéin nach m-beidheadh aon bhaint
acu le cineadh cho suarach, agus d'iom-
padar a g-creideamh, mar do bhí Caitil-
iceach agus Éireannach có ionann in a
miantaibh. Is sé dualgas na g-cléirach
an teanga shaothrughadh.
Tá gleacaidhe darab ainm "Finn" a
cur imris eidir saoithibh Cumann Gaodh-
ailge Bhle'á-Chléith. Seachain é!
fhiafruigheas
