(6)
7Mhadh Rol. Uimh. 6.
MÍ NODLOG
1889.
NUAIDEACHT NA MÍOSA,
Tá sé lauidhte i roinn eile de'n Ghao-
dhal go d-tug an Saoi M. J. Coistiola
cómhrádh breágh uaidh, i nGaodhailig, os
comhair cruinniúghadh mór i m-baile Thua-
ma an lá cheana, le linn cuairt ó theach-
tairidhibh Cumann Náisiúnta Shasanaigh
do 'n bhaile sin. Ní'l an comhrádh fada
ach ta sé bríomhar. Seo é mar leanas,
"Cuireamuid ceud míle fáilte roimh
na mnáibh uaisle agus na fearaibh uais-
le a tháinic análl chugainn ó Shacsania
le cúitiúghadh a thabhairt 's an dochar a
rinne a náisiún d'ar d-tír 's an am a
chuaidh thart; le comhairle ar leasa a'
tabhairt dúinn tré gealtanas, 'nuair a
shreithfidís a bhaile, na breuga a sgap
ar námhuid 'n ar d-taoibh i Sacsania, a
chur síos a sgóig duine air bith nach d-
tiocfa leis a mhalrait do chreidsint; a-
gus le móidiúghadh dhúinn go d-tiúbharfadh
siad gach congnamh in a g-cúmhacht d'ar
g-ceannfairt chum ar gceart fhághail air
ais, mar aon le cead dlighe a dheunadh
dhúinn féin 'san sean-teach, i bh-faithce
an choláiste, i m-Báile-átha-cliath (gártha
móra). Go d-téidh siad slán a bhaile,
ar m-beannacht--ne agus beannacht Dé in
a bh-fochar, [Ámén]. Ó tá an lá dul
thar druim agus fir eile le labhairt libh
fós, ni dheunfad níos mó ná iarraidh
orraibh glaoidh ós árd a thabhairt ó chroi
dhe do Pharnel 's do Ghladston agus d'a
n-deisciobal air fad na cruinne, glaoidh
eile do'n aondhacht féin riaghla, agus d'
ar g-cáirdibh uile i Sacsania, i m-Brea-
tain, in Albain, agus in Éirinn, agus
glaoidh naoi n-uaire d'ar ndearbhráith-
ribh agus d'ar ndeirsiúraibh a tá
taoibh tháll de 'n mhuir mhóir, agus a
thiocfas go luaithgáireach air ais in
am ar m-buaidhe agus ar g-caithréime."
[Gártha móra, agus bualadh bos].
Cuir a g-coinne an Ghaodhail trí fichidh
pighinn, agus do chomhursa mar aon.
