898
AN GAODHAL.
TEACH NAOMH IÓSEPH,
Coláiste i Magh-Nuadhat,
Éire, '89
A Shaoi Dhílis.
Ag so léigheanna sgríobh mé nurradh
'san g-coláiste so agus cuirim chugat
anois é le súil go g-cuirfeá i g-clódh
'san nGAODHAL é. Ní fiú mórán é gan
amhrus, diosgán beag is seadh é, acht d'
aimhdheoin sin is féidir leat níos measa
ghabhailt ó ógánach mar atáim-se nár bh-
fuair aon chuid oileamhnachta a riamh; i
d teanga ar ndúthchais acht a bheith am'
aonar ag iarraidh roinnt bheag di d'fhógh-
luim anois 's arís.
Dá ndeunfá é so chlódh-bhualadh bheidh-
eadh mór-áthas orm, ní h-é amháin tre
gur teasbánadh mo sgríbhin i leathanach¬
aibh an GHAODHAL acht cheana tre go bh-
fuilim ag déanadh rud éigin chum an
teanga bhocht do leasughadh. D'fheudfainn
sgeul beag i nGaedhilge nó abhrán a chur
chugat ó am go chéile mar luidhtear anois
iad sa bPortláirge. Mar tosach a dhéa-
nadh gheobhair (má chuirfidh tu d'fhiachaibh
orm le leitir) abhrán a fuaras ó bheul
reachtaire sa m-baile agus dreachtín a
righne mé féin i g cosamhlacht na searc-
dán a sgríobhadh fad ó annsa Mumhain.
Bhi fear aguinn annso a rurradh, Eo¬
ghan O'Gramhna, duine árd-léigheanta i
nGaedhilge acht anois tá sé imthighthe a-
mach i bh-feidhil oibre maith a Thighearna,
agus is truaigh linn nár fágadh 'na dhiaigh
oidhre a dhoineantachta ná an grádh lán¬
fhairsing bhí léir-suidhte aige go daingion
'na chroidhe i d-taoibh na Gaedhilge. Tá
aithinn agat air óir is é do sgríobh "Ais-
dear Mic Léighin" san nGAODHAL.
Is buachaill mise ó chondae Phortláirge,
am' chomhnuidhe, nuair a bhidhim sa m-baile,
le h-ais na Siúire lámh le Carragh; agus
táim i Magh Nuadhat i g-cionn ceithre
bliadhan.
Tá muiníghn agam cúntas éigin a gha¬
bhailt uait mar gheall air an gnó so chomh
luath 's is féidir leat, agus uibhir de 'n
Ghaodhal.
Slán leat a dhuine uasail, agus
beannacht go bráth air d' obair.
Do sheirbhíseach neamh-thuirseach,
Risteird De h-Enebre.
Glossary,
diosgán, a bundle,
dhiskawn.
aimhdheoin, in spite of,
avyo-in
leathanachaibh, pages,
lhahanachiv
luaidhtear, current,
looathuir.
reachtaire, authority,
rachthireh.
dreachtín, a little poem,
dhraughteen
nurradh, lest year,
nhurhy
feidhil, faithful,
fayil
aithin, knowledge,
ah-hin.
ABHRÁIN NA h-ÉIREANN, A N-OIB-
riughadh air Bheusaibh na n-Éireonnach.
Air d-tús is dearbhtha gur eirghe ar
n-dán filidheacht ó h-intleacht cinidh na h-
Éireann agus ann sin taréis cian d'
aimsir gur oibrigh an fhilidheacht sin air
ais arís chum meanma na ndaoineadh g-
ceudna do chumadh, chum meisneach a
bhrosdughadh suas in a g-croidhthibh bochta
in am daor-bhruide agus tubaiste go
leor, agus faoi dheireadh chum an gné sú-
gach, sulthmhar sin a thabhairt dóibh tre 'r
thuilleadar gradam agus árd-chéim le
ceudtaibh bliadhain.
Is feasach do 'n domhan uile go bh-fuil,
agus go raibh a g-comhnuighe, dian-ghrádh
i lár croidhtheadh Cloinne-na-nGaodhal
air cheol agus air fhilidheacht Anns an
t-sean-aimsir bhí eigse agus aos ceoil
i seilbh-réim féile agus onóra ag flaith-
ibh na h-Éireann tar oididhe gach ealadh-
an agus céirde eile. Bhídis saor ó chíos-
aibh agus cheangalaibh le'r diobhálaidh na
daoine go léir; agus bud ghnáth leo fáil-
te fhairsing agus céileabhradh d'fhághail
rómpa in gach áit d'a rángadar. Is mi-
nic a chleachtadar le n-a g-cláirseachaibh
caoine i g-coimhthional uasal agus righthe
mar a shinndis duanta go guth-bhinn ag
moladh gníomharthadh agus caith-réime a
sinsir agus a g-cródhachta i g-comhlann
chruaigh. Uime so cídhfear gur thoinsg-
nuigh ar bh-filidheacht fad ó agus go bh-fuil
sí comh-mharanach le síol Eber.
Acht chuaidh an aois sin thart agus ní
mian linn tuilleadh a rádh 'na taoibh.
Mar an g-ceudna, leigimís tharrainn
lán de cheudtaibh bliadhain agus bhreath-
nuighmís amháin air an g-ceud bliadhain
is fiogse d'ar n-aimsir féin. Feudfa-
