AN GAODHAL.
899
maid feuchaint annso go h-áirighthe dhá
chineál filigheachta. Coimhsigheann an cheud
chineál na duanta agus na h-abhráin
sgríobhtha i nGaedhilge in ar chaoineadar
go cumach eigse na h-Éireann doghrúin
agus míodhadh an phríómhlaoch Séarlus
Maor a bhí a bh-fad uatha air fán; no
in ar chuireadar a muinighin ins an lá
nuair thiocfadh righ na bh-Frainc tar lear
chuca le loingibh luaith agus longphortaibh
treuna chum an Gall-phoc Seoirse
agus a scata méirleach d'fhogairt ó'n
d-tír le sgriosadh fiachmhar ionnus go
sealbhochadh an deoruidhe bocht a ríoghacht
féin & a shíolradh 'na dhiaigh go deo. Do
sgriobhadh an dara cineál filigheachta i
m-Beurla Ghalldaidh iar g-cailleadh do'n
chuid budh mhó de mhuintir na n-Éireann
a d-teanga bhinn, bhlasda féin.
Foillsigheann stáir an am úd gur chuir
an bhárdacht sin brigh i ngeugaibh na n-
Éireannach chum troid a dheunadh go cró¬
dha air son an seachráinigh nár bh'fiú a
saothar, ionnus gur bheag leo a bh-fuil
do dhórtadh amach go fial, toilteanach
dho i g catha no Boinne agus air bhallaibh
Luimnigh. Seal 'na dhiaigh sin, tar éis
buaidh do bhreith do'n Gall air na
h-Éireannachaibh, budh mhaith an chabhair an
fhilidheacht so chum lochrán an tír-ghrádh a
chonghbháil lasda i m-brollachaibh na n-deoi¬
ridhe m-bocht a bhí díbirthe tar fairge, &
chum dothchas cognamh d'fhághail ó chomhacht
éigin choigrioch a thabhairt do na aindeis¬
óiridhibh a bhí ag fuireach le fulangtas a
n-dóithin sa m-baile.
Do rugadh an nuadh-fhilidheacht Ghall¬
dach sul ar euluigh an t-sean-fhilidheacht
ghrinn ghlórmhar. Air thosach na h-aoise
laithrigh seadh thionsgnuigh eigse na h-Éir¬
eann a canadh i riocht Beurla, agus chomh
deágh-bhlasda sin go m b' eol le duine gur
ab é spioraid filidheachta a líonadh an
allod croidhthe ar sinsir de gháirdeachus
do seoladh chum beatha arís. Ameasg
lán de chliaraidhibh oirdhearca do'n t-sa¬
mhuilt so teamuighid go h-áirighthe ainm¬
eacha O'Mordha, O'Gríobhtha agus Dabhis,
gan dearmaid air aon chor an chaoimhfhir
fhíor-ghrádhmhair, Séarlus J. Cicham. Ad¬
mhuigheann gach duine a léigheas na h-abh¬
ráin a sgríobh Ó'Mordha, agus go cinnte
abhráin air Éirinn, gur bh'fhéidir leis ceol
do shinim go cliste air chruit chaoin a
dhúthchais. Le beul binn agus i m-briath¬
airibh modhamhla, deágh-bheusacha, do chaoin
sé an dubhrón fada le 'r smachtuighear
Éire le ceudtaibh bliadhain, do mhol sé
mórdacht agus gaisgidheacht ar n-aithr¬
each i linn a réime, agus dhúiligh dh'a
thír an t-saoirseacht sin bhí lé cian air
cáirde. Tré mheud a m-binnis agus a
ngeanamhlacht thaithnighidear go sár-mhaith
na dánta so leis an dream is uaisle a¬
gus is léigheanta; agus ní breug a rádh
gur chorruidh siad daoine do'n chineul so,
a bhí roimhe sin mórdhálach go leor asta
féin agus failligheach i d-taoibh leasa a
g-criche, chum a smuainte agus a meamh¬
air do chlaonadh le súil go réightheochai¬
dís eugchóra Chláir Banba.
Tar na cáilidheachtaibh air ar thráchta¬
mar shuas bhí gné eile suairch, greanmhar
ag filidheacht O'Mordha tré'r ceangladh
go dlúth inntinn an phobuil leis na clea¬
saibh breágh Gaodhalacha, agus thug ceol
agus meidhir do na daoinibh bochta gidh í¬
siol a g-céim agus a g-cás. D'a bhrigh
sin tá cuing daingion ag O'Mordha or¬
rainn agus beidh fad a lonochaidh badh 'n
ar measg le milseacht gotha agus aoibh¬
neas ceoil.
Dob' chomhaimsearach leis an Mordhach
Gearailt O'Gríobhtha. Grádhuigheann na
daoine é sud mar gheall air a sgríobh¬
nóireacht chaidh agus a dhuantaibh dheágh-
bhlasda, thíoramhla. Gion gur mháir sé
na dhuine uaigneach, mhacánta, fanfaidh
a ainm go buan-t-seasmhach i g-cuimhne
fear an duithche seo, óir d'fhág sé 'na
dhiaigh bronntanas sólásach dóibh nach
sgarfaidh leo go deo.
Is é Tomás Dáibhis a chuir i g-comhair
arís an fhilidheacht cogaidh. Faoi n-a
bharamhail san agus daoineadh seach é ni
raibh aon t-slighe le fághail a bhrisfeadh
Slabhradh
na daor-bhruide a ghreamuigheann na
daoine air éigin acht fogha do-choisgthe
i g-comhraic neirt agus claoidheamh. Dá
bhrigh sin, agus mar a bhí sé 'na dhuine
súbháilceach, ní raibh dadamh aige le déa¬
nadh acht an cosán do leanamhuin go dúbh¬
rachtach bhi leagaighthe amach roimhe. Ann
