910
AN GAODHAL.
You, Irish Notionalists, read the following from
your thirteen year old country woman of N. York
city. Are you ashamed of yourselves ? Not a bit.
Your forefathers lost that when they bent their
necks beneath the galling yoke of the Sassanach.
EABHRACH NUADH
Uibhir 145 anns an Seiseadh air
Fhichid Sráid Shoir, an 10mhadh
lá de Ghionbhar, '90.
Eagarthóir an Ghaodhail.
A Shaoi Ionmhuin,
Feicim go bh-fuil bliadhain tharrainn
ó chuireas an cheud litir agus bile dail¬
léir air son do phápéar beag sár-fhogh¬
lamtha. Agus is mór an t-aoibhnios a
chuireann sé orm dailléir eile chuir chug¬
at air son an Ghaodhail an bhliadhain so.
Deir m' athair liom a rádh leat go bh-
fuil meas mór aige ort mar tá sé an-
cheannamhuil air an Gaedhilge; agus fágh¬
ann sé ans an n-Gaedhilge a tá ann do
phápéar beag in sórt do chualaidh sé aig
teach athar tháll in Éirinn bliadhanta ó
shoin. 'Nuair a chruinnuigheas air chuairt
na sean-chómharsanaibh aige annso do
léighinn sé dóibh as an Gaodhal na sgeul¬
ta breágha bhídheas ann, agus imthighid
siad a bhaile le croidhthibh éadtrom, agus
aig rádh paidir air son an fhir a chuireas
na sgeulta sin ans an b-pápéar. Agus
is féidir liom an rud ceudna a rádh
air charaid eile a thagas in ar d-teach
gach aon seachtmhain, sé sin, NUAIDH¬
EACHT THÚMA,
Caithfidh mé anois focal maith a rádh
do na teagasgthóiridhe a tá do mo mhú¬
nadh aig scoil an Bobharaoi. Is féidir
liom a rádh go bh-fuilim air aghaidh deich
m-bliadhna anns an teangain áluin so mar
gheall air an nós do chúmhduigheann siad
mé agus na pianta thógann siad le na
scoláire theagasg ann. Mar d' innis
mé dhuit a nurradh, ni bh-fuilim acht dhá
bliadhain aig dul air scoil, agus beidh
mé trí-bliadhana-deug d'aois an ficheadh
lá de 'n Mhárt so chugainn.
Tá an litir so anois an-fhada, agus
le iarracht mhór caithfidh mé a críoch¬
nughadh, mar ní furas dam stop aig
scríobha agus aig labhairt Gaedhilge,
mar ní bhídheann mórán do aon seanach¬
as eile ans an teach acht Gaedhilge,
Le Bliadhain Nuadh sheunmhar dhuitse,
agus do mhuintir Nuaidheacht Thúma, ag¬
us do chumann na Gaedhilge faoi rioth¬
aidhe an domhain, sé paidir agus grádh
an charaid so,
Caitlín M. Ní Ainmneach
Congratulations to, and good wishes for, THE
GAEL from all sides
15 Abercorn Place St. John's Wood N. W.
London, England.
21adh MÍ NA NODLOG, '89.
A Shaoi.
A né sgríobhas chugat a Sacsbhéar¬
la an GAODHAL a chur chugam air feadh
bliadhana nó dhó: andiagh measaim go
m-budh chóra agus go m-bhudh tíreamhala
dham sgríobh a nGaedhilge air a leithid
seo d' ócáid. Dá bhrigh sin sgríobhaim
anois i d-teangainn mo shinsir. Cuir
chugam, le do thoil, an GAODHAL air
feadh bliadhana nó dhó, do réir mar righ¬
feas an t-airgead a chuir mé chugad.
Bheidheadh sé soimeamhuil ionnamsa
comhairle thabhairt do dhaoinibh eile a d-
taoibh na Gaedhilge agus an tír-ghrádh a
mhúsglas sí agus a neartuigheas sí; acht
tá sé ceaduigheach a rádh gan oilbhéim
gur chuir léigheadh do pháipéir nuaidheach¬
ta rímhiad mór orm — sgríobhtha mar tá
sé a bh-fad a g-céin !! — agus gur mhúsg¬
al sé ionnam an dóthchus go m-béidh air
a laghad cuid de leabharaibh aithris mo
thíre sgríobhtha an a teangainn mhilis
féin.
Leat go h-iomlán,
CÓLMÁN O'CONGALAIGH.
Here comes Dublin Double.
BLACKHALL St, DUBLIN.
Feb. 23, '89.
A Shaoi,
Do fuair mé do litir agus an dara
uimhir ded' pháipeur an mhaidin seo, agus
táim buidheach dhíot go deimhin.
Is mian liom anois go g-cuirfeadh tú
an Gaodhal chugam-sa air feadh na bliadh¬
na seo, ag tosughadh ó 'n cheud uimhir
de 'n 7adh rolla.
