AN GAODHAL.
911
Is mian lé mo chara E. C. Cumming
go g-cuirfeadh tú an Gaodhal chuige mar
an g-ceudna d'a áit chómhnuidhe — ag
tosughadh ó 'n cheud uimhir mar shuas.
Cuirim anns an litir seo ordughadh
air tigh-na-litreach air sé sgilling; leath
air a shon-sa, agus leath air mo shon-sa
féin.
Is dóthchus linne araon go soirbhighidh
Dia thú agus do chuid congantóiridh ann
bhur n-obair mhaith, agus go m-béidh ar d-
teanga 'g a labhairt le gach uile Éirean¬
nach air fud an domhain mhóir, agus go
mórmhór air fud Éireann.
Fanaim do chara bhuan seasmhach,
R. Mc S. Gordon.
39 SRÁID GAIRDÍNÉIR MEADHON¬
ach, Blá-Chliath Duiblinne, Éire,
30mhadh mí Nodlug, '89.
Do'n Fheareagair an Ghaodhail.
A Dhuine-uasail :— Fuair mé an Gao¬
dhal sealaid geárr o shoin, agus bheirim
buidheachas air a shon. Budh mhór an t-
íongna liom fanár ghab mé an ceudna
suas le bliadhain roimhe sin. Budh eagla
orm gur fuair sé bás nó nidh eile díogh¬
bhálach, acht amháin gur ba dóigh liom ans
an am ceudna nach leigfa-sa a dhul a¬
múghadh; mar gheall air an mbaidh agus
an spéis a ghlacaim san Gaedhilge, air a
saothradh agus air a caomhnadh a bh-fog¬
as agus a g-céin. Tá mé buidheach dhiot
air an iarracht chneasda a dheanann tú
d'a congnamh.
Creidim nár thainic mo am le mo chur
do chur chugat, acht an uair thiocfaidh sé
ní dheunfad aon mhoill. Is éigin oibir
cruaidh fós an teanga ar sinnsior do
shlanúghadh ó'n g-contabhairt, acht mar a
tá irisleabhar cho cumasach agus atá ag¬
at-sa sin ruaigfeas an sean námhaid
cho deighneasach innus nach bh-féachfaidh sé
air ais ina dhiaigh arís go bráth.
Do chara ionmhuin,
Seághan ua Fearghail.
Béidh an Ghaodhailge faoi mheas fós
más sé toil Éireannach é.
Maynooth Again. Sliabh na m-Ban, mentioned
below by Mr Henebry, appeared in last GAEL.
Choláiste Naoimh Phádruig, Maighe-
Nuadhat, an dara lá air fhichid de
'n Mhí-mheadhan an t-Samhaigh.
A Chara Ghaodhalaigh:
So dhuit trí
dreachta tuatha a fuaras a nurradh ó
beo-ghuth fir-oibre san g-Condae Phorth-
láirge chum iad a chlódhadh san nGaodhal
más taithneamhach leat-sa iad. 'Nuair
rachfad a bhaile a m-bliadhna timchioll
deire na míosa so déanfad mo dhith¬
chioll chum rudaighe beaga Gaodhalacha a
lorg air fhuaid an oirthear Mhumhan ag¬
us iad a sgríobhadh le súil a g-cothuighthe
sul imtheochaid air fad a cuimhne na n-
daoineadh in aoinfeacht leis a lán eile
de dhántaibh agus sgeultaidhibh atá anois
caillte go deo orrainn. Chidhir go bh-fuil
ceann de na dreachtaibh so, nó mar budh
cheirte dham a rádh an mheud a lonuigh¬
eann de, .i. stáir Sheághain Mac Shéam¬
uis, a bh-fad níos binne agus níos liomh¬
tha le h-órdughadh ceart-focail deágh-tho¬
ghtha 'ná an dá cheann eile, agus as so
breathnuighthear go follus gur sgríobhadh
é le linn na bh-filidheadh bh-fíor-chliste bhídh¬
eadh in Éirinn anallod roimh tosach aim¬
sire feochta na Gaedhilge ler' m-bain¬
eann, faoi m' thuairim-si, Sliabh-na-mBan
agus an t-eachtra air na Connairidhibh.
Gidheadh go bh-fuil mé ag tnúth le iad
so d' fheicsin san nGaodhal ní gádh dhuit
a bheith ad bhuaidhreadh féin leo muna bh-
fuil spás agus uain agat le tabhairt
dóibh, agus muna dteasduigheann uait
iad, réir a dubhairt mé cheana.
Fuaireas an dá uibhir de'n Ghaodhal a
chuiris chugam agus tá mé ro-bhuidheach
dhíot thríd Is uathbhásach an meud atá
tusa ag deunadh le maoin agus le mea¬
mhair chum an teanga bhocht a choimheud
beo mar tá a fhios aig an t-saoghal ní
gan throblóid agus cosdus a gheobhas
tusa an obair sin a shaorthugadh. Is
mór a truaigh anois nach g-cuireann Éi¬
reannaigh acht neamh-shuim in a d-teang¬
ain bhreágh so agus go bh-fuilid d'a leig¬
in tuitim as cuimhne agus d'a malairt
air Sncs-Bheurla tré uireasbha feasa
