912
AN GAODHAL.
air cumhacht na Gaedhilge agus na fiacha
atá air gach Éireannach í d' fhoghlumh..
Tar neamhthabhacht inmheadhanach na n-
abhrán so do chuirim chughat is feasach
mé go milltear fós iad le dhá locht eile,
iadhon, trúilligheacht i g-ciall agus i bh-fo¬
cail de bhrigh gur thangadar chughainn ó
aimsir bunadhasach tré slighe neamhchruinn
míchinnte beo-ghotha daoineadh gan leighin
ler' chleachtann do gnath aineolus agus
faillighe in gach nidh a bhaineas le cóirugh¬
adh beacht agus comhthrom litireacha. Ei¬
righeann an dara locht ó m' choir féin
óir tá inntinn díreach agam go bh-fuil
rudaidhe beage tháll 'sa bhus nár sgríobh
me ceart, gan fhios dam in áitibh acht i
n-eugmais euluis air a leasugadh in
áitibh eile.
Ma chuirir aon dom' pháipheuridhibh i g-
clódh bí toilteanach uibhir sheoladh chugham
a bhaile,
Is mé do chara fíor-dhíleas,
Risterd de h-Enebre.
Seo é Stáir Sheághain Mac Sheamuis —
Go m-beannuighidh Críoth duit a Chlíona
mhaorga,
Mar is fada an stáir a thángas ad'
fheuchaint.
Ó Chill-Chluthar mar a d-tuiteann na
caorcha,
Nó ó Ghráigh-Siona mar a ruitheann na
caol-chuin.
Cia acu bean an shoir tú nó bean an
thuaigh tú,
Nó an tú bean-sighe síobhraidheadh Leasa
Móra?
Ní bean an shoir mé agus ní bean an
thuaigh mé,
Ní mé bean síobhraidheadh Leasa Móra,
Acht codla amuigh a righne mé agus mé
air buaireamh.
Thainic chugam an righ-bhean uasal,
Budh shia meur léi' 'ná geug óm' ghualann
Agus budh glaise a súil 'ná an duileabh¬
ar buacach;
Fós, fós no ar phós Seághan mac Shéam¬
uis?
Má phósair é, óig mhnaoi, biodh do chróch¬
ur ó ló agat d'a dhéanadh [?]
Fós, a bhean, cuir amach mo spré chugam:
Seacht g-ceud barraile d'airgiod reulach
Seacht g-ceud eile d'óir bhuidhe chraorach;
Seacht g-ceud crán a's n-áilte céise,
Seacht g-ceud gabhar, adhbhar a maola,
Seacht g-ceud gandal 'sa n-annlan géidh¬
eana
Seacht g-ceud beach air dhath a chéile,
Seacht g-ceud buachall geal-fhionn glégheal
Seacht g-ceud óig-bhean gan aon locht.
Seacht g-ceud píopa dhe thuighe na Gréige,
Budh é mo leanán-sa Seághan mac Shéa¬
muis.
Budh é m'athair si flaith na féile,
Mo dhearbhrathair an dhioscán geal glé-
gheal
Agus mo dhearbhshiur bláth na sgeimhe,
Agus mo mháthair Gob-Óir ó Mhór-Chnoc-
Gréine,
Dá m-budh é do leanán-sa Seághan mac
Shéamuis
Agus da m-budh é d' athair-si flaith na
féile,
Dá m-budh é do dhearbhrathair-si an dios¬
cán geal glé-gheal.
Dá m-budh í do dhearbhshiur-sa bláth na
sgéimhe,
Dá m-budh í do mháthair-si Gobh-Óir ó
Mhór-Chnoc-Gréine
Bheidheadh foll gruaige 'nuas air d-eudan
Beidheadh fáinne óir air gach meur leat
A's do leacan geal-dearg a b-peorsain
le h-aon bhean,
Dá d-tabharfá-sa seacht m-bliadhna faoi
tuille na raechill,
Siúbhal currachaigheadh, cnoc agus sléibh¬
teadh
Gan le n-ithe i eughmuis gach aon rud
Acht samhan a's biolar a's uisge mar
bhéile
Ní bheidheadh foll gruaige anuas air d'
eudan
Nó fáinne óir air aon mheur leat,
Nó do leacan geal-dearg i b-pearsain
le h-aon bhean,
Mar a b'é sin é cuir é féin chugham.
Sé dubhairt Clíonadh a's a croidhe d'a
raobadh,
Buail annnso amach Seághan mac Shéam¬
uis.
Crioch.
Remember, one and all, if you desire
the success of the Gaelic movement,
you must support it
