(8)
7Mhadh Rol. Uimh. 8.
MÁRT,
1890.
GO MAIRIDH ÉIRE.
Aistrighthe leis an Athair
Eoghan Ó Gramhna.
Air an g-croich ag crochadh bhí
Triúr mac óg do b' uasal croidhe,
Buailte síos aig dian-righ díoghaltach in
a m-bláth,
Acht do sheas siad ós a chomhair
Dána — 'r nós a sinsear mór —
Agus chuadar chum bháis le croidhe gan
sgáth.
"Go mairidh Éire," ghlaodh na gaisg-
idhigh,
"Go mairidh Éire," a n-aon rádh,
"'S cuma linn ca d-tuitfimid
"Air an g-croich nó ins an troid
"O nach cuma, 's bás fhághail d' Éirinn,
tír ar ngrádha!"
Air gach taoibh bhí naimhde dúr,'
Acht go dána sheas an triúr,
Óir ba chuimhneach leo díl-chroidhthe 'ngar
's i g-céin;
Mílte croidhtheadh cródha, fíor,
Thar an t-saile tonntach shiar
A's na chairde dílse 'n-Éirinn naomhtha
féin.
"Go mairidh Éire," sin mar ghlaodh-
adar,
"Go mairidh Éire," a n-aon rádh,
"'S cuma linn ca d-tuitfimid,
"Air an g-croich nó ins a troid,
"O nach cuma, 's bas fhághail d' Éirinn,
tír ar ngrádha!"
Chuadhdar suas na céime cam',
Ghlaodhadar air Dia 'san am,
A's ann sin — a's teud na Sagsan gleus¬
ta leo —
Thug an triúr dh'a chéile póg,
Air nós triúr dearbhraithreach óg;
Dh'a d-tír féin, do Dhia, 's do'n t-saoir-
se fíor go deo.
"Go mairidh Éire," sin mar ghlaodh-
