AN GAODHAL.
925
DR. CAHILL'S SERMON ON
LÁ AN BHREITHEAMHNAIS,
Transated by P. J. Crean,
(Continued from No. 6.)
Aig an glaoidheach geur seo fosgól¬
faidh geataidhe ifrinn agus tiucfaidh
gach anam a cailleadh i riamh amach as a
phríosún teine. Tiocfaidh an méid mio-
fhortúnach do h-uile thír agus náisiún an
cnap amháin, tiomáinte air aghaidh le
sgreuchaoil agus gártha go h-áit an bhrei¬
theamhnais, a m-béicmhuighil fiadháine aig
éirigh mar bheith tonn stoirme air bhruach
locha. Mar atá gach nidh annsa g-cruth¬
ughadh múchta no sgriosta amach, tá rud
san an dorchadas a bh-faitchíos a feith¬
eamh air theacht ar d-Tighearna. Air
ionnsuigh an t-Slánuightheora foillsigh so¬
luis órdha: cluinfear guth sluaighte na
bh-flaitheas a teacht mar bheith éirighe na
maidne, gach móimeint ag éirigh níos gil¬
e no go d-tigfidh glan sholuis lae na sío¬
ruidheachta taisbeánt Chríosd na shuidh¬
eadh air mhóracht a ghlóire ameasg aing¬
leadh agus naomh cuairt na bh-flaitheas.
A d-toiseach béid aingle agus árd-
aingle, cerúbim agus na saraphim cumh¬
achtaighe agus righeachtaighe air sgiatháin
os a choinne, an sin naoimh an t-sean
reicht, na árd-aithreacha agus faidhe a
a creid agus a d-adhmhuigh teacht ar
Slánuightheora, an sin naoimh an reicht
nuadha, an da-reug easbail, na mairtir¬
eacha, na confeseoir, na maighdeanna &
gach a d-tug fiadhnuise no fuair bás air
shon creidimh an Tighearna.
An sin na bochta gach tír agus nái¬
siún a fulaing go foighideach gach brón
agus trioblóid air son Dé, béid faoi
chrona glórmhar an lá sin. Air dheireadh
an chruinniughadh naomhtha seo, tiocfaidh
Muire, Máthair Dé, dá reult deug air
a ceann agus an gealach faoi na cosaibh
Suidhfidh an Mhaighdean glórmhar faoi cho¬
saibh ar Slánuightheora, agus an chroich in
a láimh togadh as cionn gach nid go bua¬
dhamhuil air a dhara theacht ana t-saoghail.
Annsa dá phictiúir anois as a chomhair,
léigheadh sgeula Dé agus Sátain; dá a¬
mharc as comhair a chéile. Anois an t-
am le dearcadh air ar stáid féin, agus
cuimhniughadh go dúrachdach air feabhas
creidimh, agus air cheartas breitheamh¬
nais Dé. Is sé so an lá a bh-fuighidh Dia
cúitiughadh air aghaidh gach eugcóir d'a n-
dearnadh air — an lá a bh-fuighidh an t-su¬
bháilc buaidh air dubháilce.
Ma tá sé go oibliogáid air Dhia, tridh
ceartas a chumhachta, ceart a thaisbeán
don chreatúr as lugha air an talamh, a¬
gus sásadh puibligh a fhaghail ó gach duine
a righne eugcóir air na creatúiribh so a
chruthuigh Sé, tá sé soiléir le tigsinn go
chóir do Iosa cúitiughadh no dualgas do
fhághail ó'n Athair air shon gach pian 's
trioblóid da fhulaing Sé. Mhaslaigh an
saoghal peacamhuil É le droch oibreach¬
aibh, agus taisbeánan a dhamnughadh go bh-
fuair siad bás gan aithrighe; dhiúltaigh
siad sasadh a thabhairt Dhó, mar is é seo
an lá a g-caithfidh siad a bh-fiacha íoc le
pianta síorruidhe.
Ó, an uair a thréig agus a bhraith Iud¬
as Criosd, an uair a righne na saighdiúi¬
righe magadh Faoi agus a chaith seile air
eudan, agus a chuir folach air eudan,
nach iongantach a d-feud na h-aingle an
méid sin eugcóra a iompar? Agus a
nuair d-fiafruigh Piolód don na lúdaighe
cia b'fheárr leobhtha Íosa na Barabas,
dubhairt siad de aonghlór, Barabas, ag¬
us dubhradar an sin, "Béidh a fhuil orr¬
ainne agus air ar g-cloinn." Nach mór
an t-iongnadh na'r ghlaoidh na h-aird-ain¬
gle air Dhia an cinne daonda a sgrios¬
adh go h-iomlán ó aghaidh an t-saoghail?
Ach bhí aig rúindiamhar 'na croiche nidh ei¬
le air súil, mar sin is so é la an phion¬
úis 's an smachduighthe a chuir air an g-
cinne daonda. Dearc air na milliúin
anamaibh ata na seasadh sábhailte thim¬
chioll na croiche, gach aon acu a sabháladh
thrídh A úirísliughadh, A úmhlacht agus A
bhas Féin. Is iad so na buaidhthe thrídh
a chlaoighidh Sé Satan, a bhain Sé an ghaibh
as amhgar Athar Síorruidhe, agus thrídh
a líon Sé na flaithis le na shluaightibh
naomhtha ata na chuideachda air a theacht
an dara h-uair.
Múinfidh smuaineadh air an uair uath¬
bhásach seo níos mó do fhírinne an t-Soi¬
