AN GAODHAL.
931
'S go n-ólfainn da mar fíon an Éarna
'S ní'l aon fhear faoi 'n righ a bhainfeadh
le mo mhnaoi
Nach bh-feicfinn fuil a chroidhe dá bh-feud¬
fainn.
Taken down from the dictation of Mr. John Mc¬
Gettigan, a native of Ballymafaig, co. Donegal. I
have not altered a word of this. — J. J. Lyons.
CAILLEACH NA bh-FIACHLA FADA
Agus an Mac Rígh.
[ With a little study of the sounds of the aspir¬
ates and of the general instruction given in a pre¬
ceding page, any one who speaks Irish can have
no difficulty in reading this simple and interesting
story].
Bhí righ i g-Connacht a bhfad ó shoin, &
bhí sé bliadhain 's fiche pósta ach ní rabh
aonduine cluinne ag an m-bainríoghain,
agus shaoil sé nach m-beidheadh aon oidh¬
re aige. Bhí sé siúbhal amach lá amháin
nuair i thainic fairge mhór uisge tim¬
chioll air. Ní rabh fhios aige cad i dheun¬
fadh sé nuair i thainic cailleach chuige, a¬
gus dubhairt, "Cad atá tú ag iarruidh?"
"Slighe éigin a bhéarfas amach as an áit
seo mé," ar san righ. "Bhéarfaidh mise
amach thú," ar san chailleach, "má thugann
tú dham do mhac is sine." "Ní'l aon
mhac agam," ar san righ, "tá mé bliadhain
's fiche pósta, agus ní cosamhuil go mbéidh
aon oidhre agam anois." "Tabhair d'
fhocal dham go d-tiúbhraidh tú dham do
cheud mhac nuair a bhéidh sé bliadhain ag¬
us fiche dh' aois." ar san chailleach. "Bhéi¬
rim m' fhocal duit," ar san righ.
Annsin tharraing an chailleach meura¬
cán amach, agus rinne sé bád dhe. Chuaidh
sí féin agus an righ asteach 'sa m-bád
agus tharraing an chailleach dhá fhiacail
amach agus rinne sí maididh rámha dhíobh.
D' oibrigh sí iad í féin, agus níor bh'fha¬
da go d-tug sí an righ thar an uisge. D'
imthigh an righ abhaile líonta d'iongantas.
Níor bh'fhada go rabh mac óg ag an m-
bainrioghain D'fhás an mac righ suas
'nna fhear lúthmhar, láidir, go rabh sé
bliadhain 's fiche d'aois. Thainic brón
mór air an righ mar bhí fhios aige go d-
tiucfadh an chailleach ag tóruigheacht an
mhic óig. Chuaidh sé go 'n chócaire agus
thug ceud punt dhí, ag rádh léithe go rabh
chailleach na bh-fiacla fada teacht a tór¬
uigheacht an oidhre óig, agus go d-tiúrbh¬
fadh sé dhí mac an chócaire in áit a mhic
féin. Ann sin chuaidh sé go cailleach na
g-cearc agus thug ceud eile dhi-se, agus
dubhairt léithe mar dubhairt sé leis an g-
cócaire.
Air maidin lá 'r na mhárach thainic
cailleach na bh-fiacla fada go caisleán
an righ, agus tharraing sí an cuaile cor¬
raic. Thainic an righ amach agus dubh¬
airt sí leis, "Cuir amach do mhac, tá sé
bliadhain 's fiche anois." Chuir sé amach
mac an chócaire chuici. Thug sí léithe é
go gort mór glas. Ann sin dubhairt sé
leis, "Creud atá do mháthair a deunadh
sa m-baile anois?" "Tá sí a gleus di¬
néir an righ," ar san fear óg. "Ní tú an
mac righ," arsan chailleach. Ann sin bhuail
sí buille slaitín-dhraoidheachta air agus
rinne cloch mhór de. Ann sin thainich sí
air ais go caisleán an righ, tharraing sí
an cuaile corraic agus dubhairt leis an
righ, "Cuir amach do mhach chugam no leag¬
faidh mé an caisleán ort." Do chuir an
righ amach mac chaillighe-na g-cearc chuici.
Thug sé léithe é go d-tainic sí go d-ti 'n
gort glas. Insin dubhairt sí leis, "Cad
atá do mháthair a deunadh sa m-baile?"
"Tá sí a faire na g-cearc," ar san fear
óg. "Ní tusa an fear ceart," ar san
chailleach. Thug sí buille de 'n t-slaitín
draoidheachta dhó agus rinne cloch dhe. In
sin thainic si go caisleán an righ, tharr¬
aing sí an cuaile corraic agus dubhairt
sí leis an righ, "Muna g-cuirfidh tú do
mhac amach chugam an t-am seo leagfaidh
mé an caisleán ort." Bhí faitchíos air
an righ agus chuir sé amach a mhac féin
chuici. Thug sé léithe go 'n ghort glas é a¬
gus d'fhiafruigh dhe creud do bhí a mháth¬
air ag deunadh sa m-baile. "Thá sí 'gol,"
ar san mac nigh. "Is tú an fear ceart,"
ar san chailleach. Ann sin thug sí buille
de'n t-slaitín draoigheachta dhó agus ri¬
nne sí seabhach dhe. Rinne sí seabhach eile
dhí féin agus thug an mac righ leithe go oi¬
leán.
Bhí teach breágh aici air an oileán agus
dubhairt sí leis, "Tá aon nidh agam
dhuit le deunadh agus má ghnidh tú é béidh
m'inghean agat, agus mar nach d-tig leat
an obair a dheunadh caillfidh tú do cheann"
ann do
mhullach
