(9)
7Mhadh Rol. Uimh. 9.
ABRÁN.
1890.
NAOMH PÁDRAIG AGUS NA hAITH-
reacha Nimhe.
Ins an g-cúig'dh aios thainic Aaomh Pádh-
raic go h-Éirinn le splanc na n-grása
do lasadh ins an n-oileán, agus na h-
aitheachaibh nimhe do mharbhadh agus a dhí-
birt go bráth. Róimh an am sin bhí na
h-Éireannaighe 'na g-comhnuidhe i n-dor-
chadas, agus faoi gheur-chrádh aig na h-
aithreachaibh nimhe, agus na draoidheachd-
óiribh; ach ó 'n g-ceud lá do chuir Pádh-
raic a chosa beannuighthe air thalamh ins
a n-oileán bi athrughadh mór. Bhí sé gach
h-uile lá a marbhughadh 'sa díbirt na n-
aithreachaibh nimhe, agus a tabhairt an
fhír-chreidim sin do na daoinibh atá beo
in a g-croidhthibh a n-diu in Éirinn níos
láidire 'ná bhí sé míle bliadhain ó shoin.
Bhí searbhfhónta dúrachtach dar ab
ainm Fíntán aig Naomh Pádraic. agus
bidh sé leis in h-uile áit. Bhí an Naomh a
marbhughadh agus a díbirt na n-aithrea-
cha nemhe, agus na draoidheachdóiridhe
roimhe. Aon lá amháin bhí an Naomh a
rádh urnuighthe, agus d'imthigh Fíntán
air aghaidh. Thainic na h-aithreacha nimhe
thimchioll air, agus mharbhadar é. Nuair
a thainic an naomh cho fada leis an áit
chonnairc sé an searbhfhónta marbh, ag-
us bhí brón mór air. Chuaidh sé air a
ghlúinibh agus thosuigh' a guidhe os cionn
Fhíntáin, agus níor bh' fhada go d-tain-
ic sé chum beatha cho maith is bhí sé riamh.
An sin chruinnigh sé clocha, agus righne
leacht ins an áit, agus gháir "Áth an
Chobhair" air, sin é 'n áit anois a d-tos-
uigheann torus na cruiche. Bhí na h-aith-
reacha nimhe nach rabh marbh a teannadh
air an g-cruaich mar bhí iomaidhe air a
bárr dar ab ainm Crum-dubh, agus
shaoil siad go n-deunfadh dídean ortha.
Nuair a thainic an Naomh go bun na
cruaiche, chraith sé a bhachall agus righne
poll mór. An sin chuaidh sé suas air
an g-cruaich agus chaith anuas uile cheann
de na h-aithreachaibh nimhe, ⁊ na crum-
dubhaibh 'na n-diagh, agus slugadh iad go
