h-uile, ach beirt, ins a b-poll.
An sin thainic Naomh Pádhraic agus
Fíntán air ais go Áth-an chobhair, agus
thosaigh a cur cill air bun ann. Chruinn¬
idh sé saoir agus fir-oibre, agus cheann¬
uigh sé gearráinín óg; is cuma cia 'n
t-ualach a chuirfeadh siad air an n gear¬
ráinín bhí sé 'nan é iomchar. Aon lá a¬
mháin chuaidh an Naomh chuig fear darab
ainm Cormach Dubh, agus d' fhiafraidh
dhe ce mheud a bheidheadh sé ag iarraidh
air 'n oiread min-choirce 's bheidheadh 'n
gearráinín 'nan iomchar a bhaile. D'
fheuch Cormac air an n-gearráinín, ⁊
dubhairt leis féin, "ní bhéidh an beitheach
suarach sin 'nan mórán d'iomchar, a¬
gus dubhairt sé leis an Naomh, "glac¬
fhaidh mé seacht b-píosa deich-b-píghnne
air ualach do bheithigh." "Is margadh é,"
ars an Naomh, a tabhairt an airgid dhó
An sin chuireadar mála air, agus
dubhairt Cormac, "Is mór an iongnamh
liom-sa má bhídheann sé 'nan an méid
sin do iomchar." "Cuir mála eile air,"
ars an Naomh. Chuireadar air é, agus
shaoil Cormac go m-brisfeadh sé a
dhruim. "Ní'l cúigeadh cuid d'a ualaigh
air fós," ars an Naomh. Chuireadar
mála n-diagh an mhála air go rabh gach h-
uile mhála a bhí aig Cormac Dubh air
dhruim an ghearráinín, agus d'iomchair
sé a bhaile iad. Bhí iongantas mór air
Dormac Dubh, agus dubhairt sé leis
fhéin, "Is gearráinín draoidheachta é
sin."
Aon lá amháin dubhairt na fir-
oibre leis an Naomh nach bh-feudfaidís
obair chruaidh do dheunadh gan feoil.
"Gheabhfaidh mise sin díbh," ars an Naomh.
Chuaidh sé chuig Cormac Dubh arís agus
d' iarr dhe an rabh aon bheitheach aige le
díol. "Tá," ar Cormac, "tá tarbh ra¬
mhar in sin shíos 'san b-páirc, agus tig
leat é bheith agat, gan luach, má thig leat
é do thabhairt leat." Anois, budh tarbh
crosta é, agus mar bhí fuath aig Corm¬
ac i n-aghaidh 'n Naoimh, shaoil sé go marbh¬
óchaidh é; ins an am so ní rabh fhios aige
gur naomh a bhí i b-Pádhraic. Chuaidh an
Naomh a bhaile agus dubhairt sé le Fin¬
tán, "Fágh mo chlog dubh dham." Fuair
Fíntán an clog dhó, agus chuaidh sé go
páirc Chormaic Dhuibh, agus thosaigh ag-
crathadh an chloig. Lean an tarbh abhaile
é cho socair le uan caorach, & marbhuigh
& d'ith na fir oibre é. Bhí brón agus
fearg mhór air Chormac Dubh faoi cheann
seachtmhaine thainic sé chuig an Naomh a¬
gus dubhairt leis, "Ní fear cneasta thú
mar d-tugadh tú mo tharbh no a luach
dham." "Beurfaidh mé do tharbh air ais
dhuit," ars an Naomh "Ní thig leat sin
a dheunadh, nuair atá sé ite aig do
chuid fir," ar Cormac Dubh. "Níl éin¬
nidh dodheunta le cúmhachda Dé," ar an
Naomh. An sin dubhairt sé le Fíntán,
"Fághaidh dham croiceann agus cnámha
an teirbh." Thug Fíntán chuige iad, ag¬
us chuir sé na cnámha asteach 'sa g-croi¬
ceann. Thóig an Naomh a láimh os a
chionn, agus dubhairt, "éirigh suas a theirbh
Chormaic Dhuibh." faoi cheann moiment
d'éirigh an tarbh cho slán 's bhí sé ariamh,
agus thosaigh a géimnidh. Thug sé an tarbh
a bhaile agus dubhairt le na comharsan¬
aidhe go m-budh tarbh naomhtha é. Air
maidin Diadomhnaidh cruinnnidh go leor
daoineadh, fir agus mná, ag breathughadh
air an tarbh iongantach. Nuair a chuaidh
Cormac Dubh asteach sa b-páirc, thainic
an tarbh chuige, chuir a dhá adhairc faoi,
chaith suas san aer é, agus do thainic
sé anuas marbh. Budh é an cheud domh¬
nach san bh-Fóghmhar é, & ní'l ainm aig na
daoinibh air ó shoin ach "Dómhnach Chor¬
muic Dhuibh." Chuaidh Naomh Pádhraic air
aghaidh leis an g-cill, agus nuair do bhí
sé críochnuighthe, agus an cheud aifrionn
léighte ann, chualaidh sé go rabh an dá
athairnimhe i d'eulaidh uaidh a geurchrádh¬
adh na n-daoineadh, agus d' imthigh sé 'na
n-diaigh. Budh é ainm an dá athair nimhe
Caorthánach agus Pincín. Bhí Pincín a
b-poll a bhí a g-carraig i n-gar do Chúig
Ula. Uile oidhche bhidheadh cuinneall las¬
da aig Pincín, agus duine air bith a d-
fheicfeadh an solus thuitfeadh sé marbh.
Bhí Naodh Pádhraic agus Fíntán ag im¬
theacht go d-tangadar 'n-gar do charr¬
aig Phincín, agus chuadhar go teach bhain¬
treubhaighe bhoicht, agus d'iarr lóisdín
oidhche.
[Le bheith críochnuighthe san Gaodhal seo
chugainn].
