(10)
7Mhadh Rol. Uimh. 10.
BEALTAINE,
1890.
NAOMH PÁDRAIC AGUS NA hAITH-
reacha Nimhe.
(Leanta)
Thug an bhean dóibh é. Nuair a bhí dorch-
adas na h-oidhche a teacht dubhairt sí
leo,
"Caithfidh mé an dorus a dhúnadh
anois : Tá athair nimhe i b-poll carraige
ngar do'n áit seo, lasann sé coinneal
gach oidhche agus duine air bith fheiceas a
solas tuiteann sé marbh."
"An bh-fuil ádhbhar coinneil agat?" ars
an Naomh.
"Ní'l, go deimhin," ars an bhean bhocht,
"acht tá feoga tirm agam."
Fuair an Naomh sgian, d'fhosgail sé
bolg Fhíntáin agus bhain greim blainic
as, thug do 'n mhnaoi é, agus dubhairt,
"Deun coinneal dham"
Nuair do bhí an choinneal deunta, las
an Naomh í, agus sheas i m-beul an dor-
uis. Nuair a las Naomh Pádraic an
choinneal múchadh coinneal Phincín, agus
níor lasadh ó shoin í mar thuit sé marbh.
Ní'l aon ainm air an g-carraig ó'n lá
sin go d-ti 'n lá seo ach carraig Phincín.
An sin chualaidh an Naomh go rabh
Caorthánach imthighthe go Loch Dearg.
Lean an Naomh agus Fíntán é, ach nuair
a thangadar go bruach na loiche ní rabh
aon bád aig an Naomh. Bhain sé dhe a
chuid éaduigh, ghlach sgian in a láimh, agus
thoisigh a snámh chum an áit a rabh Caor-
thánach.
Nuair do chonairc an t-athair nimhe
an Naomh a teacht ghlac sé an t-uisge a-
gus nuair a thainic sé cho fada leis do
shluig sé é. An sin thoisigh an Naomh ag
gearradh leis an sgiain gur gheárr sé a
bhealach amach as bolg an athar nimhe, ag-
us mharbhuigh sé é.
Thainic an oiread sin fola as is dhá-
thuidh an t-uisge dearg, agus sin é an
fágh ar gáireadh Loch Dearg airthi.
Na dhiaigh sin righne na daoine bád do
