'n Naomh; chuaidh sé air an oileán, chuir
sé cill air bun ann, agus bheannuigh sé í,
agus is iomadh céad oilear a chuaidh
ann ó shoin
Nuair a d'fhág an Naomh gach nídh in
ordughadh, d'imthigh sé fhéin agus Fíntán
go dtangadar go Teamhradh An sin
cuir sé teach sgoile ar bun agus righne
sé maighistir sgoile dhe Fhíntán Bhí an
sgoil air bun go d-tainic Naomh Colum
Cille, agus a bh-fad 'na dhiaidh mar is ann
fuair sé a chuid foghlumtha.
Anois bhí fhios aig Naomh Pádhraic go
rabh a aimsir saoghalta ionann 's caith¬
te, agus mar bhí an oirid sin grádh aig
na daoinibh air, bhí fhios aige go mbeidh¬
eadh imreas eatartha d-taobh cia an áit
a mbeidheadh sé curthadh.
Aon lá amháin chruinnigh sé an pobul
agus dubhairt sé leo:
"Nuair a gheabhfas mé bás ceangail
mé air chapall nár sgar fear a dhá chois
air ariamh agus béarfaidh sé mé go dti
'n áit a tá ceapthadh ó Dhia le mo chur."
Nuair do fuair an Naomh bás righne
na daoine mar d'orduigh sé dhóibh. Chuir¬
eadar an corp air dhruim capaill óig, a¬
gus bhí ag imtheacht, agus na daoine dh'a
leanamhaint, go dtainic sé chum áit dar
ab ainm, ins na laethibh sin, Dún-dhá-
Chlais, acht anois Dún Phádraic atá air.
Nuair a thainic an capall cho fada leis
an áit sin stop sé, agus cuireadh an
corp san áit.
An sin thoisigh an pobul agus chuirea¬
dar cill air bun os cionn uaigh Naoimh
Phádraic Faoi chúrsa aimsire baineadh
anuas an cill seo agus cuireadh árd-
chill air bun 'san áit.
Nuair do fuair Colum Cille bás in
Albain, bliadhanta na dhiaigh sin, bhí righ
págánach os cionn na tíre; bhí meas mór
aig an b-pobul air an Naomh agus chuir¬
eadar pláta air an g-cónra & sgríbhinn
air le rádh, "Tá corp Cholum Cille 'san
g-cónra seo," acht nuair do fuair an
righ fios air an nídh a bhí deunta acu d'
orduigh sé dhóibh an chónra do chathadh a¬
mach 'san bh-fairge, agus b'éigin dóibh
deunadh amhladh sin.
Budh é toil Dé nach n-deachaidh an chón¬
ra go bun na fairge; thug na toinn leo
í gur chuireadar asteach air chuan Dún
na nGall í Aon lá amháin bhí buachaill
beag ag cúmhdach bó air bhruach an chuain
agus conairc sé an chónra a snámh air
na tonnaibh. Gháir sé air athair, agus
fir eile, agus thugadar an chónra amach,
agus bhí luthgháir mhór ortha nuair do
fuaireadar amach gur budh é Colum
Cille do bhí ann.
Thugadar an chónra leo, agus churad¬
ar i in aon uaigh le Naomh Pádhraic
Nuair do fuair Naom Brighid bás
fuair na daoine páipeur in a deas
láimh, agus bhí sgríobhtha air. "Cuir mo
cholainn in aon uaigh le Naomh Pádhraic
agus Colum Cille.
Cuireadh í in aon uaigh leo, agus tá
sgribhinn os cionn na h-uaighe le rádh. —
In Down’s Cathedral three saints one grave doth
fill,
Saints Patrick, Bridgett and Columb Cill.
Cuirfeach sibh féin Gaedhilge air,
E. L. Blácach
[Cuirfimidh Gaodhailge air mar seo, —
I g-Cilleasboig Dhúin, in aon uaigh 'nna
luidheamh,
Tá Colum, Pádhraic 's Bríghid, plúr na
naomh.
F. G]
Glossary
dorchadas, darkness
athair nimhe, snake
coinneal, candle.
feoga, rushes
blainic, lard.
múch, extinguish
ó shoin, since then.
thangadar, they came
bain, pull, have call to.
chonairc, did see
shluig, did swallow.
dhathuidh, did color.
oilear, a pilgrim.
imreas, contention
pobul, people.
ceangail, tie.
ceapthadh, ordained
bliadhanta, years.
cónra, coffin.
chathadh, to throw.
cúmhdach, minding.
colainn, the body.
uaigh, grave.
eatartha, between them
cilleasboig, cathedral
Very little alteration has been made
in this month's installment of the fore¬
going story. It is couched in very sim¬
ple, nevertheless correct, Gaelic, and
