AN GAODHAL.
947
Ó d' imthigh 'n t-am fad ó.
IV
A's so mo lámh dhuit, chara dhil,
A's tabh'r dham lámh go beo.
A's ólfamuid aon ghloine mhaith
Air son an am' fad ó.
Air son an am' fad ó, a ghrádh,
Air son an am' fad ó,
A's ólfamuid aon ghloine mhaith
Air son an am' fad ó.
Eoghan O'Gramhna.
Coláiste Mhaighe-Nuadhat, Seachtmhain
na Páise, 1890.
A Shaoi Dhílis, — Ag so chugat abhrán a
fuaras tamall ó shoin ó dhuine dar ab
ainm Pádruig Breathnach, a chomhnuigheas
i g-Cúl-Finn air thaobh budh dheas ó Phort-
láich, i n-Deisibh Mumhan. Creidim gur
ab é so an t-abhrán ceudna ar aistrigh
an File sin i. i. Callanán, go Beurla
mar gheobhair shíos annso, gidh go n-deir
duine éigin ler' cuireadh an dán Gall¬
da sin a g-clódh go dtoisighidh an Ghaedh¬
ilge bhunadhasach ór baineadh é "Is dubh¬
ach é mo chás." Ní 'l fhios agam-sa ar
fuaras an t-abhrán so air fad no nár
fuaras; sgríobhas an mheud a thug sé
dham de, ní raibh fághail air a thuille; a¬
gus ní bh-fághainn theagmhail le neach dár
chleachtuigh é ler féidir an cheud rann a
thabhairt air mhalairt "dh'imthigheas-sa óm
mhuintir," ⁊c Bhidheadh tathuighe ag na
daoinibh go coitcheanta air an dreacht
so air fuaid na duithche fiche bliadhain ó
shoin, agus dreachta nach é, acht is deac¬
air ceann acu a chlos anois muna m-
beidheadh duine dá n-eiliomh le dioghrois;
mar atáid ag imtheacht as cuimhne pob¬
uil na h-Éireann de dheasga méid faill¬
ige a thugann siad 'na dteangan.
Muna m-beidheadh go bh-fuil "na spail¬
pínidhe' no daoine oibre dá labhairt do
ghnáth fós le n-a chéile, agus míle moladh
le feile agus fialmhaireacht na n daoin¬
eadh m-bocht air a shon sin, b'fhurus Gae¬
dhilge Chondae Phortláirge d'áireamh an¬
diu.
Ní chuirfinn chughat an dán Gallda so
acht chidhim go g-clódhbhuailtear ruda dá
shamhail san nGaodhal. Fuaras an Gao-
dhal déigheanach.
Slán go shíor leat a dhuine uasail air
taobh tháll de'n fhairrge mhóir ó d'fhíor
charaid,
RISTÉARD de h-ENEBRE
CLUAIN-MEALA.
Dh'imthigheas-sa óm' mhuintir le h-árd-inn¬
tinn gan chiall,
Liostáil mé 'sa n-arm a's níor dh' fhan
mé ann acht bliadhain;
Righne mé desarting a's air an m-baile
bhí mé triall,
A's gur a b-príosún Chluain-meala tá
mo leaba le bliadhain.
Astoidhche Dia h-aoine a's mé gabhailt
síos ags na barracks
Casadh light-horse saghadúiridhe a's iad
líonta dá g-cuid arm;
Dheit mé agus bhiodhg mé as níor dh' fhan
brigh ionam ná tapa,
Agus ruith mé naoi míle gan bhrísde
gan hata.
Cuireadh air ath-chuirt mé ó Phortláirge
go Cluain-meala,
A gonntabhairt mo bháidhte a's an bád
air an ngaise;
Bhí cailínidhe óga mná pósta ann a's
fearaibh,
Agus Nelly go dubhach deorach ag siúbhal
bóithre lem' leanbh.
Tá mo shrian a's mo dhiallat air iasacht
le tamall,
A's mo chumán ag liathadh 's ag fiaradh
fán' leabhain;
Tá mo liathróid dá bualadh ag buach¬
aillidhibh an bhaile,
A's mar bhárr air gach droch-sgeul tá
mé daor a g-Cluain-meala,
Chomaráididhe chroidhe na páirte más 'n-
dán dam choidhche chasadh,
Tabharfad spoir a's mo lámhainidhe dom
dhearbhráthair bocht a's dom athair;
'Sé deir Bagwell siúbhal 'na sráide go
