AN GAODHAL
949
Socair, sedate, settled.
Farradh, company.
ceanntar, townland, neighbourhood.
Paorach, the country lying between
Waterford, Dungarvan, and Clon¬
mel, so called from the number of
Powers that inhabit it.
Fiadhacht, hunting.
Béimneach, of heavy blows.
Síor-chaithréimeach, ever-triumphant.
Farraire, a hero, active valiant.
Bríoghmhar, powerful, energetic
Reicim, I sway, sell, exchange.
Ríoghacht, a kingdom.
Mr. O Byrne’s address at the N. Y.
Féis Ceoil on Easter Tuesday
A Uachdaráin Urramaigh, a mhná-uais¬
le agus a dhaoine-uaisle. — Is é bhur m-
beatha agus bhur sláinte annso anocht!
Tá áthas mór orrainn sibh uile d'fheic¬
sin san g-cruinniughadh ghlórmhar so de
Chlainn na nGaodhal mar cuireann bhur
laitheanachd ionamhuil do'n domhan nach
bhfuil sibh neamh-shuimeamhuil i d-taoibh
bhur d-teangan a's bhur g-ceoil; agus go
bh-fuil fíor-spiorad na tír-ghrádhuigheach¬
da fós beo in bhur g-croidhthibh. Agus,
dar n-dóith, ní h-iongnadh liom go bh-fuil
sibh annso in bhur sluadhtaibh mar atá
sibh, oir sí cúis bhur d-teangan cúis bhur
d-tíre, agus is maith do thuigeann sibh
an nidh sin. Acht, monuar! gidh go bh-
fuil mórán Éireannach san g-cathair so
tá cúramach a d-taoibh ar d-teangan is
fíor-bheagán de mhuintir na h-Éireann,
i n-Éirinn féin, agus air fuid an domh¬
ain, thugas aon t-suim in ar nGaedhilig
bhinn líomhtha. Tá náire air chuid aca
admháil gur Éireannaighe iad, agus go
d-tuigeann siad aon fhocal de theangain
a n-athaireach. Agus creud fáth bh-fuil
an náire so orrtha? Mar nach bh-fógh¬
luimeann siad stáir na h-Éireann. Tá
siad i n-ain-eolus air léighean na h-Éir¬
eann, níor chualadar ariamh air na míl¬
tibh leabhar lámh-sgríobhtha tá air mar¬
thainn againn fós, agus nár cuireadh
ariamh i n-eagar; na leabhra luachmhara
soin air a bh-fuil an oiread soin meas¬
a aig lucht fóghlumtha na h-Euróipe, na
h-ollamhain léigheanta ins na sgoiltibh is
airde san domhan, go bh-fuilid 'ga bh-fogh¬
lum a's ga g-cur i n-eagar. Is dóiche
nár chualadar trácht ariamh air Leabhar
na hUidhre, Leabhar Buidhe Leacáin,
Leabhar Mór Dúna Doire, Leabhar na
g-Ceart, agus aroile. Tá úrmhór na
leabhar so níos sine 'ná aon láimhsgrí¬
bhinn eile san g-cruinne, acht amhán cóip
nó dhó de 'n sgríbhinn diadha, agus iad
uile toirbheartha suas do stáir na h-
Éireann, do shaorthughadh na n-ealadhan,
a's do gach nidh eile bhaineas le beatha &
le b-imeachtaibh ar sinsear in allóid. Is
fíor, go deimhin, nach bh-fuighfear stáir
na h-Éireann do sgríobhadh go bráth go
g-cuirfear na leabhra so i n-eagar.
Is chum eolus na teangan soin ann a
bh-fuilid na leabhra so sgríobhtha, iodhan,
teangain na Gaedhilge, do shaorthughadh,
chum í do leathnughadh air fuid an domh¬
ain, do cuireadh air bun an cumann so.
Is dóith linne bhaineas leis an g-cumann
so gur ab í an obair so bun agus bárr
an fhíor tíor-ghrádh, óir is cinnte muna
g cosgar ó mhúchadh teanga na nGaedhel
ní bheidheas aon chine Gaodhalach ann i g-
ceann céad bliadhan Cia b'é airghean
tá againn mar phobal is mar gheall air
ar d-teangain do thárlaidh gur fhain sé
againn. Dá réir sin atámaoid ag
glaodhach orraibh-se, a Chlainn na nGao¬
dhal, do díbireadh ó bhur n-oileái ghlas,
álainn féin, láimh cúnganta do thabhairt
dúinn chum an obair so do chur chum
chinn. Támaoid go sonnrádach air an
uair so deunadh ar n-díothchail le cath¬
aoir chum saorthuighthe teangan & stáire
na h-Éireann a chur air bun san árd-
scoil tíreamhail i Washington, agus b'
fhéidir i g ceann eile de árd-sgoiltibh
na tíre An d-tabhairfidh sibh aon chúng¬
namh dhúinn? Tá maoin saoghalta ag
mórán agaibh; agus dar n-dóith ní'l fhios
agam air aon rud leath chomh maith chum
bhur g-cuimhne do thabhairt anuas trés
na h-aoisibh, le cuid de'n mhaoin sin do
bhronnadh le h-aghaidh na h-oibre so. Dei¬
rin libh gan amhrus an té dheunfas an
leithéid sin beidh sé n-dán do rádh, "Ex¬
egi monumentum acere perennius,” a¬
