AN GAODHAL
953
There was no sign of a Dublin Society then)
1878 May, 5, 31 Members of the Society resided
in N. Y. City — A committee appointed to or¬
ganize N. Y. City — May 17, Hall 214 Bow¬
ery engaged, meeting held and 27 new mem¬
bers enrolled — June 2nd., the N. Y. branch
of the Brooklyn Society is resolved into the
N. Y. Philo-Celtic Society.
Excepting Frank Ward, we do not know of any
one now connected with the Gaelic Schools in N.Y
City who was present at their organization there —
We have the record of those then enrolled.
So much for the “News” and all others whom it
may concern.
Ballynacargy, Westmeath, Ireland,
3rd dhe' Oibreán. 90.
Do 'n Saoi M. J. Ó'Lócháin
Fuaras an uimhir deirannach de'n
Ghaodhal go tráthamhail, agus do léigheas
é le sult mór Is dócha nár chuir tú
amach riamh uimhir chomh beo, beathuidheach.
Dar ndóigh, tá gach uile dhuine ciall¬
mhar air an indinn cheudna le M. J. O'
Tighearnaigh mar deir sé, sé nidh tá
uainn, leabhra agus páipéir in a m-beidh
an Ghaedhilghe nuadh, ghlan, simplidhe, go
díreach mar tá sí dá labhairt ins gach
ceárda dhe'n t-Sean Tír so, agus am¬
easg na n Éireannach air deoruidheacht
in imigcéin.
Air an ádhbhar ceudna so, do bheidh¬
inn-se in aghaidh na cómhairle a thugann
mo charaid, an t-Athair Pádraig Breath¬
nach. Ba mhór an dearmad, agus an
seachrán, 'sé mo bharamhail, obair agus
airgead a chathadh le foclóir Chuanaigh a
chur a g-cló mar tá sé. Gan amhrus,
dá d-tógfadh cuigear nó seisear an
foclóir so i láimh — fir a bheidheadh eol¬
gusach air an teangain, agus ion ann í
labhairt — dá d-tógfaidís an foclóir
so, & gach a bh fuighdis d'fhoclaibh nuadha
agus cr aidhe, & d' eolus eile ameasg
na ndaoineadh a chur leis, ba bhreágh an
leabhar é.
Is feasach mé go bh fuil Seághan Pléi¬
mionn ag oibriughadh le fada air an m-
bealach so, ag cruinniughadh focal agus
dhá g-cur asteach i leabhar Chuanaigh. An
spíonadh atá seisean a thabhairt do
Ghaedhilge na Mumhan shoir, tá an t-oide
Gaedhilge i g coláisde na Tríonóide, an
Saoi oirbhideach Seumas Gudman, dhá
thabhairt do Ghaedhilge Chiarraighe
In Irisleabhar na Gaedhilge do chidhmíd
sgoláiridhe eile ó'n Múmhain ag sgríobh¬
adh i dtaoibh na Gaedhilge. I g-Connach¬
taibh, faghmuid an Saoi MacLoinn i d-
Tuaim; an Saoi O'Fathartaigh níos sia
siar; agus an Chraoibhín Aoibhinn rud
beag soir, ag deunadh oibre maithe. Tá¬
im-se féin, freisin, le fada ag cruinn¬
iughadh gach ar airigheas i b-Portláirge,
in Iar g-Connachtaibh agus 'san Midhe.
Sin fear eile nach bh-feicimid i g cló,
chor air bith, an Saoi Bushe, a chruinnigh¬
eas faoi 'n g-Cunga, Loch Measga agus
Áth-Cinn.
Dá bh-feudadh muis go h-uile ar bh-fo¬
cla a chur le chéile, bheidheadh an obair
deunta. Cia an chaoi a d-tiubhramuid
le chéile iad? Ba dheacair sin a dhéan¬
adh anois; acht níor dheacair do dhuine
air bith gach focal ar bealach do thugann
sé fá deara a chur do'n Ghaodhal, ná go
pháipeur air bith eile a chlóbhuailfeas iad.
Má cuirtear chugam féin roinnt
dhíobh, beidhead an-bhuidheach
Leig dam innseacht do'n Saoi O'Liath¬
áin nach bh-faca mé riamh an phaidir úd
air a labhrann sé.
Lé mór mheas, a Shaoi ionmhuin,
Is mé do chara
Eoghan O'Gramhna. C. C.
TEAMPUL MHAIDHEO.
(These verses are taken down from a native of
the county Sligo.
J. J. Lyons.
Bhí mé lá samhraidhe gabháil gleannta
Mhaidheo,
'S casadh orm a n-uaigneas cailín deas
óg;
Theann mé liom análl í 's d'iar mé air¬
thi póg,
Sé dubhairt sí liom, "Gan amhrus aig
Teampul Maidheo"
Bhí mé a Maidheo 'gus mé cómhrádh le
mnaoi,
Lot sí mo phócaidhe 's níor fhág sí ag¬
am pighinn;
Tá fhios ag an domhnach nach brón a bhí
