(11)
7Mhadh Rol. Uimh. 11.
MÍ-MHEADHON,
1890.
COLANN GAN CHEANN.
A bh-fad ó shoin bhí baintreabhach na
chómhnuidhe i g-condae na Gaillimhe agus
bhi beirt mhac aici darab ainm Diarm¬
uid agus Domhnall. Budh é Diarmuid
an mac ba sine, agus bhí na mháighistir
ós cionn an tighe. Budh feillméaraidhe
móra iad, agus lá amháin fuaireadar
fuagradh ó 'n tighearna-talmhan a theacht
agus cíos bliadhna do íoc leis.
Ní rabh mórán airgid aca san teach,
agus dubhairt Diarmuid le Domhnall,
"Tabhair ualach coirce go Gaillim a-
gus díol é."
Fuair Domhnall ualach réidh, chuir dhá
chapall faoi'n g-cairt, agus d' imthigh leis
go Gaillimh.
Dhíol sé an coirce, agus fuair luach
maith air. Nuair a bhí sé teacht abhaile
d' fhan sé aig teach an leath-bhealaighe,
mar budh ghnáthach leis, le deoch a bheith
aige féin, agus le deoch agus coirce do
thabhairt do na caiplibh.
Nuair do chuaidh sé isteach le deoch
do fhághail dhó fhéin, conairc sé beirt
bhuachall ag imirt chárda. D' fheuch sé
orra tamall agus dubhairt ceann aca,
"M-béidh cluiche agad?"
Thoisigh Domhnall ag imirt agus níor
stop no gur chaill sé gach h-uile phighinn
de luach an arbhair.
"Creud a dheunfas mé anois?" arsa
Domhnall leis féin, marbhóchaidh Diarm-
uid mé. Air chaoi ar bith, rachfaidh mé
abhaile agus innseochaidh mé an fhírinne"
Nuair a chuaidh sé 'bhaile d' fhiafruigh
Diarmuid dhe,
"Ar dhíol tú an coirce?"
"Díolas, a dh'anam, agus fuaireas
luach maith air," arsa Domhnall.
"Tabhair dham an t-airgiod," arsa
Diarmuid.
"Deamhan pighinn agam dhe," arsa
Domhnall, chaill mé gach h-uile phíghinn de
ag imirt chárda i d-teach an leath-bheal-
aig."
"Mo mhallacht agus mallacht na g-
