ceathar air fhichead ort," arsa Diarmud
Chuaidh sé agus d' innis do 'n mháth¬
air an cleas a rinne Domhnall.
"Tabhair párdún dhó an t-am so," ar
san mháthair, agus ní dheunfaidh sé arís
é."
"Caithfidh tú ualach eile dhíol amár¬
ach," arsa Diarmuid, "agus má chaillean
tú a luach, ná tarr ann so."
Air maidin lá 'r na mhárach chuir Domh¬
nall ualach eile air an g-cairt agus d'
imthigh leis go Gaillimh le n-a dhíol. Dhíol
sé an coirce agus fuair luach mór air.
Air theacht a bhaile dhó agus an uair a
bhí sé i ngar go theach an leath-bhealaigh,
dubhairt sé leis fhéin,
"Druidfidh mé mo shúile go d-téidh mé
thair an teach sin le faitchíos go m-beid¬
eadh cathúghadh orm do dhul asteach arís."
Dhruid sé a shúile, ach anuair a thain¬
ic na capaill cho fada le tigh-an-ósda
sheasadar agus dheamhan coiscéim níos
fuide i rachfaidís, mar budh ghnáthach leo
uisge agus coirce do fhághail san áit sin
gach am a m-bídís ag teacht as Gaillimh.
D' fhosgail sé a shúile, thug uisge agus
coirce do na caiplibh, agus chuaidh sé fhéin
asteach sa teach le splanc do chur in a
phíopa.
Nuair a chuaidh sé asteach chonairc sé
na buachaillidh ag imirt chárda. D'iar¬
radar air imirt, agus go m-b'fhéidir go
gnóitheóchadh sé an mhéid a chaill sé an lá
roimhe sin.
Mar atá cathughadh air na chárdaibh,
thoisigh Domhnall ag imirt agus níor
stop sé gur chaill gach h-uile phíghinn a bhí
aige.
"Ní'l aon mhaith dham a dhul abhaile a¬
nois," arsa Domhnall, "cuirfead na cap¬
aill agus an chairt in aghaidh an mhéidh a
chaill mé."
D'imir sé arís agus chaill sé na cap¬
aill agus an chairt. An sin ní rabh fhios
aige creud a dheunfadh sé. Smuain sé
agus dubhairt leis fhéin, "mar dtéidhidh
mé abhaile béidh imnidhe air mo mháthair
bhocht gur éirigh rud eigin dham; rachfaidh
mé abhaile agus innseochaidh mé an fhír¬
inn dhi; ní thig leo ach mo dhíbirt."
Ba trom, dubhach a d'iompuigh Domh¬
nall amach, agus i nuair a thainic sé a¬
bhaile d' fhiafruigh Diarmuid dhe,
"Ar dhíol tú an coire? no cá bh-fuil
na capaill agus an chairt?"
"Chaill mé an t-iomlán ag imirt chár¬
da, agus ní thiucfainn air m'ais acht le
mo bheannacht d'fhágbháil agaibh sul a d'
imthighim."
"Nár thagaidh tú air d' ais go deo,
nó pighinn dhe do luach," arsa Diarmuid,
"agus ní theastuigheann do bheannacht
uaim"
D' fhág sé a bheannacht aig a mháthair
in sin, agus d'imthigh air siúbhal air thóir
seirbhíse. Nuair a bhí dorchadas na h-
oidhche i teacht, bhí tart agus ucras air.
Conairc sé duine bocht a teacht chuige,
agus mála air a dhruim. D' aithin sé
Domhnall agus dubhairt,
"A Dhomhnaill, creud a thug an so thú,
nó cá bh-fuil tú dul?"
"Ní'l aithne agam ortsa," arsa Domh¬
nall.
Is iomdha oidhche mhaith do chaith mé i
d-teach d' athar, go ndeunfaidh Dia tró¬
caire air," ars an fear bocht, b'fhéidir
go bh-fuil ucras ort, agus nach mbeitheá
i n-aghaidh ithe as mo mhála sa."
"Is caraid do bhéarfadh dham é," ar¬
sa Domhnall.
In sin thug an fear bocht mairt-fheoil
agus arán dhó, agus nuair i d'thi sé a
sháith d' fhiafruigh an fear bocht dhe,
Cá bh-fuil tú dul anocht?"
"Maiseadh, ní'l fios agam," arsa
Domhnall.
"Tá duine uasal anns an teach mór
sin shuas, agus tugann sé lóistín do
dhuine air bith a thigeas chuige a n-diaigh
dorchadas na n-oidhche, agus tá mise ag
dul chuige," ars an fear bocht.
"B'fhéidir go bh-fuighinn-se lóisdín leat,
arsa Domhnall.
Ní'l amhras air," ars an fear bocht
(Le bheith leanta.)
As may be seen above, we have ad¬
ded sa ( as it is invariably used in con¬
versation ) to the defective verb , ar,
said; as, arsa Diarmuid, said Dermott.
We think that the original expression
was, ar sé Diarmuid, said he Dermott ;
that the é of sé was dropt before a of
