960
AN GAODHAL.
Grádh na n-daoineadh, 's croidhe na féile
Mórdháil Chonnacht, mordháil Éireann,
Mo mhíle truagh, a Sheághain Mhic Héil thú.
Ní fheudaim an sgeul sin do sheasadh
gan caoineadh,
'Sé an sgeul é le h-éisteacht is measa
lem' chroidhe-se,
D' fhág Éire go ceusta, í féin a's a
daoine,
D'fhág Connacht go dona gan solus 'na
croidhe 'stigh.
Is tusa bhí críona, ciallmhar, gach am,
Ag seoladh na n-daoineadh 'san t-slighe
nach raibh cam,
Is tusa do scríobhfadh mar naomh le
peann
Mar fuair tú ó Dhia do chiall 's do
cheann.
Acht b'fhéidir 'ná sin uile, ’s nach bréag
é le rádh,
Ná'r chaill tú ariamh do spéis agus
grádh
Do theangain na h-Éirenn tá caoin-mhi¬
lis árd.
Sean-teanga siúbhalach na nGaedheal as
da m-Bard.
An tráth nach raibh bárd ann, bhí tusa
ad' bhárd,
Ar d-teanga leath-chráidhte do thóig tú
go hárd,
Budh thú an fear d'fheudadh ar g-ceol
do thógbháil:
Ní thiocfaidh go deo linn do shamail-se
d'fhághail.
'S ní bh-fuighid cáirde na Gaedilge beo,
Choidhche aon chara is áirde ná thú,
Tá solus na Gaedhilge múchta go deo,
Agus solus na h-Éireann tá báidhte
faoi cheo.
Air h-éisteacht an sgéil sin 's nuadhacht
an bháis,
Do thuit ó n-ar g-croidhe 'stigh aon
sgríoch uathbháis;
A's truagh atámuid, is cruaigh ar g-cás
An sonas ag imtheacht, 's an donas ag
fás.
An tráth chuaidh d'anam go Flaitheas le
léim,
Budh chruaidh an buille do thuit orrainn
féin;
Nuair síneadh do chorp air an g-clár
bog déal,
Och! chuaidh ar ngrádh leat, a Sheághain
Mhic Héil.
In sending this song, Mr. Lyons states that he
got it from an old co. Mayo woman who did not
desire to see her name in print.
NÍ LEIS A D'EULAIGH MÉ.
Is truagh nach leis a' muilleoir mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulagh mé,
Gheobhfainn sac mhór mhine
Is cad a bheith dá fhoinneadh,
Gheobhfainn dá m-budh muilleoir mé.
Is truagh nach leis an talamhaidh mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaidh mé,
Gheobhfainn min, arán 'gus fataidhe,
'S cead a bheith dá g-cathadh,
Gheobhfainn dá m-budh leis a tal'mhaidh mé
Is truagh nach leis a' ngreusaidhe mé.
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaigh mé
Gheobhfainn bróga sál bata
Agus cead a bheith dá g-cathadh,
Gheobhfainn dá m-budh a' ngreusaidhe mé
Is truagh nach leis a' táiliúr mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaigh mé
Gheobhfainn gúnaidhe breaca
Deunta anns a' bh-faision,
Gheobhfainn dá m-budh leis a táiliúr mé
Is truagh nach leis a' deileadóir mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaigh mé,
Gheobhfainn túrnaidhe geala,
'S cead a bheith dá g-cathadh,
Gheobhfainn dá m-budh leis a' deileadh¬
[óir mé.
Is truagh nach leis a t-saidiúr mé,
Sé mo leun geur ní leis a d'eulaigh mé
Gheobhfainn aormuigheacht fhada
A g-cóistaidhe geala,
Gheobhfainn dá m-budh leis a saidiúr mé
Is truagh nach leis a' bhfighdóir mé,
Sé mo leun geur is leis a d'eulaigh mé,
Teach pollach, gleannach,
Agus triscín salach,
Gheobhfainn dá m-budh leis a bh-fighdóir mé
