AN GAODHAL.
965
Pairc Mherriam, an dara lá de Mhí-
mheodhain, míle ocht g-ceud agus
naoinad.
A Shaoi Dhílis ui Lócháin :
Deunim dana le beaghán foclaibh a
sgríobh chugad a nGaedhilge.
Feicim ann san uimhir déanoch de 'n
Ghaedhal begean foclaibh air dligheadh beg
aisdeach atá déanta air shoin fir-eag¬
air páipeuraibh. Anois fiaruighim díot
a raibh mise a bh-fiacha do 'n Ghaodhal air
eis mé an dollar a chur chugad agus
ag ordughadh dhuit an Gaodhal a stop¬
eadh Chur tú chugam é nna dhiaigh sin.
A n-ainim gach nidh atá ceart, cia 'n
fáth air thug tú creideas (creidamhuint)
dam air son an dollair sin má bhí sé
dlighte? Nuair a bheidhidhis am gach aon
duine amuith leis an Ghaodhal cur foll¬
each glas no gurm air ionas go m-beidh¬
eadh fios aig duine go bh-fuil an t-am
d'ar íoc sé air shoin caithte, agus mun¬
a íocaidh siad an sin stop é. Má ngidh¬
thear so, mise m-bannuidhe nach m-béidhidh
ceud go leith a bh-fiacha aig an nGaodhal.
Tá na daoine so b'fhéidir imthighe le fa¬
da ar an áit d'ar cuireadh ann Gaodhal.
Dá m-beidheadh dúil air beith agam-sa
dul in dlighe le mo charaid an Gaodhal
go deimhin bheidheadh an chuid is dona de
an mhargadh aig an nGaodhal. So nidh
nach n-dearnaidhis a réimh le carad no
namhad Tabhair fios dam go d-te 'n
chaoi a seasaim anois leis an Gaodhal,
agus ní bheidhidh tú a bh-fad go mo chun¬
dus air lochd na bh-fiacha. Chur mé mar
an g-ceudna airgead air shoin Irisleabh¬
ar na Gaedhilge mí an Mhárt so chuaidh
thart, dam féin agus d'fhear eile agus
níor chualaidh me uadha ó shoin. Tá nidh¬
the de'n t-sort so abalta drochmisneach
a chur air go leor daoine. Ní'l airgead
aig mórán de na daoine bocht atá tabh¬
airt cuideadh do'n Ghaedhilge le cathadh
air siúbhal agus budh mhaith leo nuair a
chuirfeadidhis airgead uatha cundus d'
fhaghail air.
A Shaoi, feicim go bh-fuil an t-abhrán
Cunnleach Glas an Fhoghmhair, measgthe
go maith aig an Athair Gramhna ann sa
Nuaidheacht Túma. Feicim mar an g-
ceadna é anns a Ameaicán Éireannach
agus gidh go bh-fuil níos mó de an sin
ná tá ann sa nGaodhal ní'l sé iomlánn
a g-ceachtar aca — ritheann an cheud chea¬
thramh mar so,
Air connlach glas an fhóghmhair a mhíle
stóirín a bhreathnaidheas thú,
Budh deas do sheasadh m-bróig agus budh
ro dheas do leagan súl.
Do ghruaidha mar an rósa agus do chuir¬
ín a bhí fighte dluith,
Sé mo leun gan mé a's tú ag ól seal
no air bord linga triall in siúl
So caramh eile de,
A lanladi na pairta tá 'n bás air mo
chroidhe le tart,
Beannacht Righ na ngrása dhuit a's tabh¬
air an cárte so líonta leat,
So gini luidhe ann do láimh dhuit agus
tarraing do reicneál as,
Agus súid faoi bheirim sláinte chúl ál¬
uinn mo chailín deas.
Ca bh-fuil Martan Mac an Bhárd, sé
is doith liom go g-curfaidh sé slacht air
an abhrán sin, bhí go leor daoine thart
timcioll cosdaigh leath barúntacht Urr¬
ais da raibh an t-abhrán sin aca, agus
mórán eile de abhráin bhreágh mar an
Chaon Rosa, Corsleibh a d-tús an Gheimh¬
re, Ceud Slán leat Abhan-mhór, agus
go leor eile d'ar chualadhas ann m'óge,
a chois na teine mhóna air theallach maith
teith de oidhche gheimhre. Má tá aon
duine de léightheoraidh an Ghaodhal a bh-
fuil na h-abhráin so aige budh chóir dó a
g-cur ag an nGaodhal no chum an Ghaodh¬
al. D' fhoghluimair go leor diobhtha in
m'ógeacht acht níor chuimhne mé ortha le
fithche bliadhain agus tá siad beg nach
imthighthe as mo chuimhne, acht so cearamh
de 'n Abhan-mhór, [ Bhí an Abhain Mhór
san Gaodhal ó 'n Saoi Mac an Bháird
bliadhanta ó shoin F. G.]
Más mian leat an leitir bhocht so a
chlódhbhualadh déan é, déan leis mar is
mian leat. Is mé do shearbhfhoghantaigh
dílis,
Padraic h-Anri Bairéidh.
Pairc Merriam, co. Ramseí, Minn.
[A Shaoi Bhairéid, sgríobhann tú go an
