(12)
7Mhadh Rol. Uimh. 12.
IUIL,
1890.
COLANN GAN CHEANN.
(Leanta)
Chuaidh an bheirt go d-ti an teach mór,
agus bhuail an fear bocht ag an dorus,
agus d' fhosgail searbhfhóghanta é.
"Teastuigheann uaim máighistir an
tighe seo d'fheicsint," arsa Domhnall.
D'imthigh an searbhfhóghanta, agus do
thainic an máighistir.
"Tá mé 'g iarruigh lóisdín oidhche, má
'sé do thoil é," arsa Domhnall.
Bhéarfaidh mé sin dhaoibh má fhanann
sibh. Téidhidh suas go d-ti an g-caisleán,
ann sin shuas, agus béidh mise ann bhur
n-diaigh, agus má fhanann sibh ann go
maidin geabhfaidh gach fear agaibh chúig
fichid píosa deich-b-píghinne, agus béidh
neart le n-ithe agus le n-ól agaibh, frei-
sin, agus leabaidh mhaith le codladh ann."
"Is maith an tairgsin é sin," ar siad-
san, "rachamuid ann."
Chuaidh an bheirt go dti an g-caisleán,
chuadar asteach i seomra, agus chuirea-
dar síos teine. Níor bh' fhada go d-
tainic an duine-uasal, a tabhairt mairt-
fheoil, caoir-fheoil, arán agus neithe eile
"Tar liom anois go d-taisbeánfaidh
mé an soiléar dhaoibh; tá neart fíona
agus leanna ann agus tig libh bhur sáith
do tharraing."
Nuair do thaisbeáin sé an soiléar
dhóibh chuaidh sé amach agus do chuir glas
air an doras na dhiaigh.
In sin dubhairt Domhnall léis an bhfear
bocht,
"Cuir na neithe le n-ithe air an mbord,
agus rachfaidh mise i g-coinne an lean-
na."
In sin fuair sé solas agus crúisgín
agus chuaidh síos anns an t-soiléar.
An cheud bhairille a d-tainic sé chuige
do chrom sé síos le tarraing as nuair
a dubhairt guth,
"Stop, is liom-sa an bairille sin."
D'fheuch Domhnall suas agus chonairc
sé fear beag gan cheann le na dhá chois
