sgartha air an m-bairille.
"Má's leat é," arsa Domhnall, "rach¬
fad go ceann eile."
Chuaidh sé go ceann eile, agus nuair
do chrom sé le tarraing as, dubhairt
Colann-gan-cheann,
"Is liom-sa an bairille sin"
"Ní leat a leig iad," arsa Domhnall,
"rachfad go ceann eile."
Chuaidh sé go ceann eile, agus 'nuair
a thoisigh sé ag tarraing, dubhairt Col¬
ann-gan-cheann,
"Is liom-sa é sin."
"Is cuma liom," arsa Domhnall, "líon¬
fad mo chrúisgín."
Rinne sé sin, agus chuaidh suas aig
an bh-fear bocht, acht níor innis sé dhó go
bh-facaidh sé Colann-gan-cheann.
In sin thoisigh siad ag ithe agus ag ól,
go rabh an crúisgín folamh. In sin dubh¬
airt Domhnall,
"Is é d' am-sa dul síos agus an crú¬
isgín do líonadh."
Fuair an fear bocht an choinneall a¬
gus an crúisgín agus chuaidh síos anns
an t-soiléar. Thoisigh sé ag tarraing
as bairille nuair a chualaidh sé guth ag
rádh,
"Is liom-sa an bairille sin."
D' fheuch sé suas, agus nuair a chon¬
airc sé Colann-gan-cheann leig sé do 'n
chrúisgín agus do 'n choinneall tuitim,
agus as go brách leis, suas aig Domh¬
nall.
"Ca bh-fuil an crúisgín agus an choin¬
neall?" arsa Domhnall.
"O is beag nach bh fuil mé marbh," ars
an fear bocht, "connairc mé fear gan
cheann le na dhá chois sgartha air an m-
bairille, agus dubhairt sé go m-budh leis
é."
"Ní dheunfadh sé aon dochar dhuit,"
arsa Domhnall, "bhí sé in sin nuair a
chuaidh mise síos, éirigh agus tabhair chug¬
am an crúisgín agus an choinneall."
"Ní rachfainn sios arís dá bh-fághinn
Éire gan roinn," ars an fear bocht.
Chuaidh Domhnall síos agus thug suas
an crúisgín líonta.
"Ar bh-facaidh tú Colan-gan-cheann,"
ars an fear bocht.
"Conairc mé," arsa Domhnall, "acht
ní dheárnaidh sé aon dolaidh dham."
Bhídheadhar ag ól go rabhadar air leath-
mheisge. In sin dubhairt Domhnall,
"Tá sé in am dhúinn do dhul a chod¬
ladh; cia an áit i b'fheárr leat, air an
g-colbha no aig an m-balla?"
"Rachfad in aice an bhalla," ars an
fear bocht
Chuadar in sin 'san leabuidh, fágbháil
na coinne lastadh.
Ní rabhadar a bh-fad san leabuidh go
bh-facadar triúr fear a teacht asteach,
agus eudtromán aca. Thoisigheadar
ag bualadh báire air an urlár acht do
bhí beirt acu a n-aghaidh ann aoin-fhir.
Dubhairt Domhnall leis an bh-fear bocht
"Ní'l sé ceart an bheirt do bheith an
aghaidh an aoin," agus leis sin léim sé a¬
mach as an leabuidh agus thoisigh sé ag
cuideachdughadh leis an taobh lag, agus é
gan snáithe air.
In shin thoisigh siad ag gáire, agus do
shiúbhal siad amach.
Chuaidh Domhnall in a leabuidh arís,
ach ní rabh sé a bh-fad ann go d-tainic
píobaire asteach ag seinm ceoil bhinn'.
"Éirigh suas," arsa Domhnall, "go m-
béidh damhsa againn, is mor an truagha
ceol breágh do leigeann amúgha."
"Air do bheatha ná corruigh," ars an
fear bocht.
Thug Domhnall léim amach, agus thois¬
igh ag damhsa, no go rabh sé sáruighthe.
In sin thoisigh an píobaire ag gáire,
agus do shiúbhal sé amach.
Chuaidh Domhnall in a leabuigh arís, ach
ní rabh sé bh-fad ann gur shiúbhal beirt
fhear asteach ag iomchar cónra. Leag¬
adar air an urlár í, agus shiúbhal siad
amach.
"Ní'l fios agam creud atá san g-
chónra, no an duine tá ainti," arsa
Domhnall, "rachad go bh-feicfidh mé."
Thug sé léim amach, thóig clár na cón¬
ra, agus fuair corpán marbh ainti.
"Dar mo choinsias is fuar an áit a
tá agad," arsa Domhnall, "dá bh-feudthá
éirighe agus suidheadh i n-aice na teine
bheidhtheá níos feárr."
D'éirigh an marbhán, agus théighidh é
fhéin. In sin dubhairt Domhnall,
"Tá an leabuidh fairsing go leor do
