AN GAODHAL.
971
ADDRESS OF ANDROMACHE TO HECTOR,
(From the original Greek of Homer’s Iliad, Book 6,
By Archbishop McHale).
"A dhuine dhána faraoir tá air tí,
Do bhascaidh féin, gan imnídh faoi do mhnaoi
'Gus faoi do leanbh, cidh gur dóibh is baoghal,
A bheith gan coimirc, tréigthe air an saodhal.
Is ort-sa amháin, tá an námhaid uile, 'brath,
Is tu-sa amháin is mian leo síneadh 'g-cath ;
Má's leat i thuitim 's truagh, mar sin, gan mé,
Roimh thu-sa imtheacht, sínte síos faoi 'n g-cré.
Má bhídhim do dhiaigh mo bhaintreughach, béidh mo bhidh,
Mar bhí ó thús, faoi dhubhrón 'gus faoi chaoi,
Gan athair, máthair, bráthair, le mo ló,
Maolughadh mo leatrom, nó, a roinnt liom sógh.
Thuit m' athair mhuirneach faoi láimh Achuil gharg,
Trá sgrios a chathair Taebh, an cogadh dearg,
Acht gidh gur thuit sé anns an ár neamh-bheo,
Níor thaisbeáin Achuil easbhaidh urraim dhó.
Air charn aise, leagtha air a bhár,
D' fhág abhlach a's arm m' athar ann a lár,
'Gus d' fhás 'n a thimchioll, leamhain air gach taobh,
Chuir óighe Oriad, ínghin' áluin' Íobh.
Mórsheisear bráthra, taca 'r d-tigh 'gus bláth,
tóigeadh uainn go h-uile ann aon lá ;
Do shín iad Achuil millteach le n-a lann
Air mhagh a rabhadar cumhdach treuda ann.
Mo mháthair banríoghan crích' na g-coilte dubh'
Do thug sé leis, a's táinte trom' le bruth,
Acht cheannuigh sí a saoirse ó'n geabhal mhór
Ag bronnadh mórán maoin dhó, agus ór.
Budh gheárr an t-am 'n éis fileadh chum a crích'
Gur fhág gach Dian í gan aon deo 'nna luidhe.
Air feadh do mharthain, agam béidhir go bráth
Mar athair, mháthair, bráthair, céile grádhach.
Acht glach dham truaighe, agraim thú ná bí
Mar siocar mí ádh, aig do mhac 's do mhnaoi:
Mise ná fág mo baintreughach le mo chrádh
'Gus é 'nn a dhíleacht gan aon tac' no sgáth.
Acht ann so fan, san áit a bh-fuil trom geug
De chrann fioga, tabhairt do na Greug',
Sínte le balla, uain maith agus slíghe,
Le beagán saothair ionnsuidh steach na Troighe.
Trí h-uaire d'fheuch leis fir is áirde cliú,
Dís na Aiacs cumasach le lúth.
'Gus Iodmuin 's Tuide millteach air a bh-faith
'S mac Athri, Agmon, ceann na Féadhna 's sgaith
'S bráthair Muinleá, seolta le gaeth' Deá,
Ná as a neart fhéin muiníneach, gan sgáth."
Do fhreagair a céile: "Agam béidh a meamhair
Do chomhairle chaomh, chum tabhairt uaim gach cabhair;
