972
AN GAODHAL.
Acht bheidheadh na fir 's na mná ládhach' na Troighe
A sgeith mo chliú 's mo theastais leis an gaoth,
Dá bh-fanainn siar, mar chladhaire as an gleo —
Nidh nach m-beidheadh taithneamhach le mo spioriod bheo,
'Oir do bheith calmach d' fhoghluim mé go luath
A bheith d-toiseach, 'measg fíor-sgaith na sluagh,
Ag cosaint cheannais m' athar mar budh chóir,
Agus an céann sin chosaint fós mo ghlóir.
Acht táim fiosach 's fós, le imnídh lán,
Go d-tiocfaidh an t-am a m-béidh an chathair bán,
A dún 's a righ-lan leagtha uile air lár
'San righ 's a dhaoine sínte anns an ár.
Acht ní ghoileann amhgar lucht' na Troighe,
No, athar, máthar, bráthar, air mo chroidhe,
Do bheidheas a' tuitim aigh lainn trom na nGreug
'Nna 'n uimhir mhór, faoi chascairt 'gus faoi eug
A's ghoileas d' amhgar : 'nn éis dhul thrídh gach gábh
Béirfear thú go crích na nGreug mar sglabh,
Foluingt ann, mór anacair 'gus leun
Faoi chuing mná eiltrighe danartha 'gus déin'
Figheadh aig seol stáir dolásach na Troighe
No tabhairt ó an t sruth mhias uisge ann a tighe,
'S ag éisteacht le fonnóid athaiseach, gan thruagh —
"Feuch díol baintrighe Hectóir mhóir na sluagh."
Dúiseóchadh an t-ainm mo chuimhne ann do chroidhe,
Agus beidhir lán de dhubhrón agus de chaoidh
Fá é bheith imighthe, chosnóchadh thú 'sa trá
'Gus dhuit-se do bheurfadh cabhair agus sgáth.
Acht roimh mé feicsint nidh cho táir, béidh mé
Faoi an bh-fód, is doigh liom, sínte anns an g-cré."
N'éis seo rádh, do shin amach go sáimh
Chum an t-óg do chadairt a dhá láim,
Do gheit le eagla mhór an leanbh searc,
Trá air a g clogad uamhanach, soillseach, dhearc,
'S an chiabh capall guanach, rabh gach dlaoigh,
Anonn 's análl ag imleadh leis an gaoth,
Do smigdar an dís : Sgaoil Hectóir an lúb teann
Bhí air a chathbhár, is thóig í ó n-a cheann,
'Gus leag an cloga lonrach air an bh-feur,
Rug air a leanbh, 's chroch é suas san aer;
B'éis a phógadh 's a bhreugadh le mín chruth
A láimhe, chuir le impighidh, suas a ghuth —
'"Iobh 's a bh-fuil shuas leat, de na Death' síor bheo,
Dearcaidhe mo leanbh 's tabhraidhe 'r g-cuimirc dhó,
Tabhraidh dhó siúbhal go céimeamhuil anns a t-slíghe
A siúbhalaim féin mar shompla aig na Troighthe,
Misneamhail, cálmach, lán de neart 's de lúth,
'S a cosaint a thíre, toilleadh geann a's cliú;
'G cascairt námhaid filleadh le creach mhór,
'S le dánta buidheachais árdóghaid suas gach glór,
'S ag cluinst d'a mháthair: 'Bheir air athair bárr,
