(13)
8Mhadh Rol. Uimh. 1.
LÚNÁS,
1890.
COLANN GAN CHEANN.
(Leanta)
Ann sin labhair an fear marbh agus
dubhairt,
"Is fear treun thú, agus ní mór duit
no bheidhtheá marbh."
"Cia mharbhóchadh mé!" arsa Domhnall
"Mise," ars an fear marbh, "níor
thainic aon fhear ann so le fiche bliadh-
ain nár mharbhuidh mé. Bh-fuil fios agad
an fear d'íoc thú, air son fanamhaint
ann so?"
"B'fhear-uasal é," arsa Domhnall.
"Is sé mo mhac-sa é," ars an fear
marbh," agus saoileann sé go mbéidh
tu-sa marbh air maidin; acht tar liom-
sa anois."
Thug an fear síos annsan t-soiléar
é agus thaisbeán sé leach mhór dhó.
"Thóig an leac sin, tá trí phota fúithi,
agus iad líonta d'ór; is air son an óir
do mharbhuidh siad mé, acht níor bh-
fuair siad an t-ór. Bídheadh aon photha
agad-sa, agus pota aig mo mhac, agus
an ceann eile roinn é air na daoinibh
bochta."
Ann sin d'fhosgail sé doras san m-
balla agus tharraing amach páipéar, a-
gus dubhairt le Domhnall,
"Tabhair é so do mo mhac, agus abair
leis gur b'é an buitléar do mharbhuidh
mé air son mo chuid óir. Ní thig liom
suaimhneas fhághail go m-béidh sé crochta,
agus má tá fiadhnuise ag teastáil tioc-
faidh mise taobh-shiar díot an san g-
cuirt gan ceann orm, agus tig le h-uile
dhuine m'fheiceál. Nuair a bheidheas sé
crochta pósfaidh tú inghean mo mhic, ag-
us tar do chomhnuidhe in san g-caisleán
so. Ná bídheadh faitchíos ort rómham-
sa, mar béidh mise imthighthe go suaimh-
neas síorruidhe: slán leat anois."
Chuaidh Domhnall na chodladh, agus níor
dhúisidh sé go d-tainic an duine-uas-
al air maidin; agus d'fhiafruigh sé dhe
