ar chodail sé go maith, no cá n-deachaidh
an sean-fhear a d'fhág sé leis.
"Innseochaidh mé sin dhuit am eile, tá
sgul fada agam le innseacht dhuit i d-
tosach."
"Tar-uait go d-ti mo theach liom," ar
san duine-uasal.
Nuair bhí siad a dul go d-ti an teach
cia d'fheicfidís a teacht amach as na
sgeachthaibh acht an fear bocht, gan snái¬
the air níos mó ná do bhí ar an oidhche
a rugadh é, agus é ag creathadh leis an
bh-fuacht. Fuair an duine-uasal a chuid
eudaigh dhó, thug a thuarasdal dhó, agus
as go brách leis.
Chuaidh Domhnal go teach an duine-ua¬
sail, agus nuair a d'ith sé agus d'ól sé
a sháith, dubhairt sé,
"Tá sgeul agam lé innseacht dhuit."
Ann sin d' innis sé dhó gach nidh a
tárla dhó an oidhche roimhe sin go d-tai¬
nic sé cho fada leis an roinn a d-taobh
an óir.
"Tar liom go bh-feicfidh mé an t-ór,"
ars an duine-uasal.
Chuadar go d-ti an g-caisleán, thóig
sé an leac, agus nuair i chonairc sé an
t-ór, dubhairt sé, "tá 's agam anois go
bh-fuil an sgeul fíor."
Nuair i fuair sé iomlán an eolais ó
Dhomhnall, fuair sé barántas an aghaidh
an bhuitléir, acht cheil sé an choir. Nuair
tugadh an buitléar i láthair an bhreithimh
bhí Domhnall in sin agus thug fiadhnuise.
Ann sin do léigh an breitheamh as a
pháipéaraibh, agus dubhairt,
"Ní thig liom an fear so fhághail cionn¬
tach gan níos mó fiadhnuise."
"Tá mise ann so," arsa Colann-gan-
cheann, a teacht taobh shiar do Dhomhnall.
Nuair a conairc an buiuléar é dubh¬
airt sé leis an m-breitheamh,
"Ná téidh níos fuide, tá mé cionn¬
thach; mharbhuidh mé an fear, agus tá a
cheann faoi leic an teaghlaigh in a sheom¬
ra féin."
In sin d'orduigh an breitheamh an buit¬
léar do chrochadh, agus d'imthigh Colonn-
gan-cheann.
Lá air na márach pósadh Domhnall le
inghin an duine-uasail, agus fuair sé
spré mhór léithe, agus chuaidh sé na chomh¬
nuidhe anns an g-caisleán. Seal beag
na dhiaigh seo fuair sé a chóiste réidh a¬
gus chuaidh air cuairt aig a mháthair.
Nuair a chonairc Diarmuid an cóiste
teacht ní rabh fhios aige cia an duine
mór a bhí ann. Thainic an mháthair amach
agus rith sí chuige, a rádh,
"Nach tú mo Dhomhnall féin, grádh mo
chroidhe thú, bhidheas ag guidhe air do shon
ó d'imthigh tú."
in sin d'iarr Diarmuid párdún air,
agus fuair uaidh é. In sin thug Domhnall
sporán óir dhó, ag rádh leis, san am
ceudna,
"Sin luach an dá ualach coirce agus
na g-capall, agus na cairte."
In sin dubhairt sé le na mháthair, "Ba
chóir duit a theacht a bhaile liom-sa, tá
calsleán breágh agam gan aondhuine ann
acht mo bhean agus na searbhfhóghantaidh."
"Rachad leat," ars an mháthair, agus
fanfad leat go bh-fághaidh mé bás."
Thug Domhnall an mháthair a bhaile leis,
agus chaitheadar beatha shona le chéile in
san g-caisleán. —
AN CHRÍOCH.
[Le athrughadh bheag, ó an Leabhar Sgeul¬
uigheachta ]
SEINNÉID.
Seinneóchaidh mé abhrán dom' stór,
An cailín óg a thug dam grádh ;
A sgap óm chroidhe-se brón a's crádh,
Le sult a croidhe, a súl, a glóir.
Do bhí mé duairc ag síleadh deor,
gur tharlaigh liom mo stóirín bhreágh,
T'réis sin budh súgach liom gach lá,
'S budh gheall gach maidin liom mar ór.
Seinneóchaidh mé dhuit, óir tám' chroidhe,
Sólásach, grinn, ó's tú mo rún,
Mo mhúirnín ghlan gan gruaim air bith,
Mo shúirín áluinn, bhán a's chiúin;
Ní bhéidh brón ann mo chroidhe a choidh';
Acht béidh am' chroidhe-se feasda suan.
GABHAR DONN.
Should there be war between this country and
England, we shall have another Fontenoy.
Who is “Pat Grant"? Is he one of those ubi¬
quitous “drummers"?
