AN GAODHAL.
3
32 Avondale Av. Phibsborough, Dublin.
31st. July 1890.
A Shaoi Ionmhuin,
Cuirim 'san litir seo órdughadh air thigh¬
na-litreach air sé sgilling, ionnos go g-
cuirfeadh tú An Gaodhal chum mo chara
E. C. Cummings, Harolds Cross, agus
chugam-sa, mar do bhí tú ag deunadh go
nuige seo.
Nílmíd cinnte cia mheud uimhir is
chóir linn d' fhághail uait-se, acht do
smuaineamar araon gur ab cóir linn
dhá-uimhir-deug d'fhághail, innis dúinn
má bh-fuilmíd ceart, má's áil leat. [tá
sibh ceart, F. G.].
Ní'l mé am' chómhnuighe 'san tigh 'n a raibh
mé roimhe seo, acht a n-áit nuaidh; do
chuir mé an áit sin air bhárr na litre
seo, agus, má's é do thoil é, cuir an
páipeur chum na h-áite nuaidh seo 'n a
chómhnuigheas anois.
Cuirim chugat, mar an g-ceudna,
dánta beaga a sgríobh mé féin, má's
fiú an dadamh iad, do b'áil liom iad d'
fheicsint ad' pháipeur, muna bh-fuil, cuir
'san teine iad.
Anois go soirbhighidh Dia thú, agus
d'obair níos mó agus níos mó gach lá.
Do chara 'san g-cúis is feárr.
R. McS. GORDON.
CÚIS NA h-ÉIREANN.
Thar an bhóchna tá daoineadh croídheamhla
Ag oibriugh' go maith air son Éireann,
Ag oibriughadh do thabhairt d'ar n-dúithche
A saoirse, a's teanga na Gaedhilge.
Gan teanga ní'l dúithche air bith ann;
Gan teanga cá háit a bh-fuil Éire;
Gan teanga ní'l anam 'nar d-tír-ne;
Béidh marbh í, gan teanga na Gaedhilge.
Tá daoine go leor anns an tír seo
A labhras fós teanga na h-Éireann,
Má dheunfaidh a n-dualgas béidh saoirse
Ag Éirinn, a's teanga na Gaedhilge.
Ní thig linn bheith díleas d'ar d-tír-ne
'Nuair ní h-áil linne teanga na-Éir¬
eann,
'Nuair is feárr linne teanga na tíre
A ruaig as ar n-Éirinn an Ghaedhilge.
Ní marbh fós fíor-shaoirse ar d-tíre;
Ní marbh fós árd-dóchus na h-Éireann;
Ní marbh fós glanspiorad ar ndaoin'dh;
Ní marbh fós díltheanga na Gaedhilge.
Tá'n taobh seo 'san taobh sin na mara
Ag oibriugh' go groídhe air son Éireann
Béidh glórmhar a's saor fós, a cháirde,
Ár d-tír dhíl a's teanga na Gaedhilge.
GABHAR DONN
The Gael's Translation.
Beannuigh, a Chríosd! mo bhriathra, —
A thighearna na seacht neamh !
Tabhair dam tiodhlaca eagna,
A righ na gréine gile!
A ghréin ghil, a shoilsigheas
Neamh led' uile naomhachd!
A righ riaghluigheas na h-aingle!
A thighearna na n-daoineadh uile!
A thighearna na n-daoineadh!
A righ ionnraic, fíor-mhaith!
Go nglacaidh mé lán-thairbhe
Mo mholta ded' righ-shluaidh.
Molaim do righ-shluadh,
Mar is tú mo righ;
Thugas mo mhian go h-uile,
Do bheith go síorruidhe dod' ghuidhe.
Guidhim tiodhlaca Uait
Do bheith glanta óm' pheacaibh
Thré 'n treud glinn-lonnra síth,
An righ shluadh noch d'ionmholaim.
The Leabhar Breac -
Sén a Crist mo labra[d]
A Choimdhe secht nime,
Romberthar buaid leri,
A ri gréni gile.
A gel-grian fornosna
Riched cu meit noemi,
A Ri conic Aingliu,
A Choimdiu nandoine.
A Choimdiu nandoine,
A ri firian fir-maith,
Conamraib cach solad,
Ar molad dot rigraid.
Do rigrad nomolar,
Ol is tu mo ruire,
Doralus ar m'aire,
Greschi oc do guide.
Guidiu itge doib,
Romain arat rogbus,
Cian-popul cu lig-dath
In rigrad imrordus.
