4
AN GAODHAL.
DR CAHILL'S SERMON ON
LÁ AN BHREITHEAMHNAIS,
Translated by P. J. Crean,
(Continued)
e eile a glaca páirt libh an bhur g-cionn¬
taibh, no gur mheudaigh sibh amhgar Dé.
Na h-anamna, Ní rabh fhios againn go
d-ti réis ar m-báis air mhéid ar g-curtha.
Críost, Cuimhnighigidh gur buaileadh mé,
gur cathadh droch-mheas orm, gur cuireadh
falach air mo shúilibh, gur bruigheadh agus
gur sgiursalughadh mé mar gheall orraibh.
Cluineadh bualadh an chasúir a bh-Flaith¬
eas an uair a greamuigheamh mé don g-
croich air Sliab Chalbharaidh. Ní thig libh
gan fios a beith agaibh air mar is air
bhur son a fuair mé bás. Ghlaoigh mé
air m'Athair ag iarraidh cabhair an mo
phianús. O, ní bh-fuig! ní bh-fuig! sé an
freagradh a fuair mé as flaitheas. Bhí
sibh ameasg an mhuintir chuir chum báis
mé ; na dhiaigh sin shín mé mo lámhaibh le
maitheamhnas a thabhairt díbh go d-ti an
mhoimeint déighionach. Agus sé an gníomh
is mó-righne sibh ariamh na briathra a d'
admhuigh sibh aniudh, nach rabh fios agaibh
air ar g-cur cho mór go d-ti aréis ar
m-báis, d-ti go bh-facaigh mise sibh in Ia¬
rusalem. Bhí mé faire orraibh as h-al¬
la Phiolóid, a chonnairc mé sibh aig an
b-pilleur, bhí agaibh an sciursa. Sibh a
a chuir na tairngne an mo chosaibh agus
lámhaibh, agus a sháith an lann ann mo
thaobh, agus a righne sgig agus magadh
fúm an uair a bhí an anáil déigheanach
a fágáil mo cholainn. Feicfidh sibh go
goirid mé mo shuidheadh air mo chathaoir
righeamhail a tabhairt breith ar ar g-cur¬
tha móra; agus ifrionn deunadh gearán
agus Flaitheás a caoineadh le meud m'
amhgur. Na h-anamna, Nach bh-facaidh
tú ar n-damnughadh roimh sinn a theacht
air an t-saoghal ! Criost, Ní fhacas go
d-tí réis ar m-báis. Na h- anamna, An
é nach bh-facaidh tú gach nidh a rabh le
theacht ó thús na síorruigheacht? Chonn¬
airc tú mar sin an léirsgrios sul má
rugadh sinn. Mar sin, bhí'r n-damnughadh
cinnte. Críost, An cumhachta atá ag¬
msa gach nidh fheiceál roimh re, baineann
sé le mo cháilidheacht féin, ach ní rabh
uachdaránacht rir bith aig an g-cáilidh¬
eacht seo air ar ghníomhara-sa. Ní'l aon
bhaint ag an g-cáilidheacht air sibh-se do
shaoradh, a thug breathnughadh air inchinn
dhaoinibh eile, go díreach, mar a g-ceud¬
na. Na h-anamna, Nach shocruigh tusa
ar g-cinneamhuin sul ma rugadh muid,
agus mar sin, ní rabh dul uaidh againn.
Críost, Ní shocruigh, d-ti go bh-fachas gach
nidh air feadh na síorruidheachta. Tá 'n
t-ordughadh sgríobhtha air bhallaigh shlaith¬
is. Chonnairc mé an modh air ar rabh
sé le teacht air bhun. Chonnairc mé do
theacht an saoighil air tús, mar budh é
sin do cheud stáid, an sin chonnairceas
do bheatha & do ghníomhartha, is siad do
lean do bhreith; an sin chonnairceas do
bhás air deireadh do bheatha; agus ann
sin thugas breitheamhnas mar is sé an
nidh déigheanach é. Ach níor thugas breith
roimh thú theacht air an t-saoghal, mar
nach bh-facas do bhás romh do bhreith. Mar
sin tugaim daoradh mar bhreithe air bith
eile, an dhiaigh gníomhartha a bheatha fheic¬
sint. Na h-anamna, Nach bh-fuil do dhao¬
radh na roimh-bhreitheadh? Críost, Ní'l
acht n-diaigh bhreitheadh, air an ádhbhar
nach d-tugaim breitheadh go d-ti aréis
beatha an duine a bheith caithte, a ríar
bhrigh m' ordughadh síoruighe. Na h-anam-
na, Ar bh-féidir le ar m-breitheamhnas
sinne bheith air mhodh ar bith eile? Críost,
Go cinnte, b' fhéidir, an aon fhocal, righ¬
ne sibh-féin ar g-cás. Thug mise breith
air. Dá n-deunfainn-se ar g-cás bheith
sibh ceart, ach níor rinneas; sé gniomh
ar n-droch bheatha féin a righne é. Na
h-anamna, An é nach n-íocfaidh pianús
milliún bliadhanta cúis ar b-peacaidh.
Críost, Ní íocfaigh, de bhrigh go am blia¬
dhanta, sé sin, le bualadh an chloig, & tá
fhios agaibh nach féidir le buille an chloig
sásadh thabhairt do Dhia. Na h-anamna
damanta, Nach d-tig le d'athair mathadh
dhúinn? Críost, Ní thig, agus ni mhaith¬
fidh m'athair daoibh. An uair a bhí mise
air an t-saoghal dubhras leis an g-cinne
daodna, nach féidir Dia a shásadh gan
creideamh. Dubhras nach bh-féidir eun¬
ach a shábháil gan mo chuid fola-sa. Fuair
sibh-se bás gan toradh mo chuid fola-sa,
