AN GAODHAL.
5
fuair sibh bás gan dóthchus iona chreid¬
eamh. Anois trídh bhur smaoineadh díth¬
chéillidhe sibh fhághail go flaitheas; deun¬
tar mé breugach as comhair cúirt na
bh-flaitheas.
(To be continued.)
AN CLEAS A D'IMIR AN BUACH¬
aill Tuaithe air an Dlíghtheoir.
Tá dlígheadóir na chómhnuidhe i mbaile
Thúma, agus beireann sé bárr air dhlígh¬
eadóirighibh na cóige le n-a eargnacht a¬
gus le n-a gheur-inntleacht.
Is gnáthach le muirtir na tuaithe tor¬
adh na talmhan, coirce, cruithneacht, a's
mar sin, do thabhairt do 'n mhargadh le
díol. Tagann caraeridhe chum an coir¬
ce agus an chruithneacht i chéannach, acht
ceannuigheann daoine-uaisle na h-áite
roinnt de 'n choirce d'a g-capaillibh.
Nauir a bhidheas na feilméaraidhe ag
cáthadh an choirce fanann an gráinne 's
feárr agus is troime 'n-aghaidh na gaoi¬
the agus glaoightear 'toiseach' air, agus
séideann an ghaoth an gráinne is eud¬
troime agus is measa go cúl an chár¬
náin agus, air an ádhbhar sin, goirtear
'cúl', no 'deire', air. Cuirtear coirce
shásas 'sna riasgaibh i g-comórtas le
cúl a's deire agus, mar an g-ceudna,
glaoightear cúl no deire air.
I deunadh suas an choirce do'n mharg¬
adh, tá sé cinnte nach g-cuireann na
feilméaraidhe an chuid is measa dhe i
m-beul an mhála. Is gnáthach leo bórán
nó dhó de 'n toiseach a chur i d-tóin an
mhála agus, 'na dhiagh sin, an deireadh,
agus an toiseach arís in a bheul.
Tá fhios aig na caraeridhibh air seo ag¬
us gearrann siad síos an luach cho mhaith
agus is féidir leo. Ach deir na daoine
go bh-feuchann an dlígheadóir a luada¬
mar lár an mhála nuair i bhidheas an
díoltóir d'a fholamhughadh agus mar nach
m beidheadh sé cho maith leis an m-beul
go ngeárróchadh sé síos an luach.
Air an ádhbhar sin, ní dhíolfadh na
feilméaraidhe a dheunfadh suas na mál¬
aidhe aon ghráinne leis, & cuireann siad
uatha é le níos mó ná luach an mhargaidh
iarraidh air an g-coirce.
Lá margaidh áirighthe bhí mac feilméa¬
raidhe — geárr-bhodach timchioll ocht m-
bliadhana deug d' aois, ag díol dhá má¬
la coirce. — budh é luach an choirce an lá
sin deich b-píghnne an chloich. Thainic an
dlígheadóir thart ag ceannach coirce d'a
chapaillibh; láimhsidh sé coirce an gheárr-
bhodaigh, agus d'fhiafruigh sé dhe ca mheud
a bhí sé ag iarruigh air an g-cloich.
"Sgilling," ars an buachaill, saoilint
nach d-tiubharfadh sé dhá phíghinn os cionn
luach an mhargaidh air. Smuain an dlígh¬
eadóir air feadh tamaill agus dubhairt,
"Tá go maith, tá sé ceannuighthe," a ta¬
bhairt aerlis do'n bhuachaill, agus a chur
lán a ghlaice de'n choirce as beul an mhá¬
la i b-póca a chasóige, agus dubhairt
leis an m-buachaill a bheith réidh g-cionn
leath-uaire agus go m-beidheadh sé thart
leis an g-coirce ghlacadh agus le n-a luach
íoc.
Ní rabh fhios aig an m-buachaill creud
do dheunfadh sé; bhí an coirce deun¬
ta suas, agus bhí sé cinnte go ngeárr¬
óchadh an dlígheadóir síos é ; ach ní rabh
árach air anois. 'San riochd seo chuimh¬
nigh sé go rabh bean bhocht 'nna aice a bhí
ag díol máilín cúil, agus chuir sé lán a
dhoirne as a mála in a phóca.
Budh gheárr go d-tainic an dlígh'dóir
thart, agus dubhairt sé leis an m-buach¬
aill an capall a chuir faoi 'n g-cairt a¬
gus an coirce thabhairt do 'n stábla, a¬
gus go m-beidheadh sé fhéin annsin roimh¬
e.
Bhí brugh mór daoineadh ann an lá
sin, agus mar d'iompuigh an dlígheadóir
ag imtheacht, sgior an buachaill an dor¬
na chúil a thóig sé as mála na mná in a
phóca ( an dlígheadóra ), chuir an capall
faoi 'n g-cairt agus thiomáin do 'n
stábla : Bhí an dlígheadóir ann sin roi¬
mhe.
Nuair bhí an buachaill folamhughadh an
choirce san umar thóig an dlígheadóir
glaic ar lár an mhála, d'fheuch air, is
dubhairt, "Ní h-ionann é seo agus an
coirce a bhí i m-beul an mhála, ní fiú sé
píghinne an chloich é."
"Sé an coirce ceudna é, agus má tá
