(14)
8Mhadh Rol. Uimh. 2
SEACHT-MHÍ
1890.
Thamhnuigh?
Mac Righ Caisleán Buidhe Shamhnuigh ⁊
Bainríoghan Tobar Deire 'n Domhain.
(Ó'n m-Blácach.)
A bh-fad ó shoin, bhí sean rígh na chomh-
nuidhe i g-Caisleán Buidhe Shamhna agus
bhí triúr mac aige, darab ainm Art,
Neart agus Ceart. Bhí cos tinn aig
an rígh air feadh bliadhanta agus níor
fheud sé a leigheas do fhághail. Aon lá
amháin chuir sé fios air Dhall-glic a bhí
aige, agus dubhairt leis,
"Táim a tabhairt tuarasdal dhuit le
dhá-fhechead bliadhain agus níor innis tú
dham fós cad do dheunfadh maith do mo
chois."
"Níor iarr tú an cheist dhíom roimhe
so," ars an Dall-glic, "agus tig liom
innseacht dhuit anois nach bh-fuil aon
leigheas agad le fághail mar bh-fágh tú
buidéal uisge as Tobar-Deire-'n-Domh-
ain, agus ní'l fhios agam ca bh-fuil an
áit sin."
Air maidin lá 'r na mhárach chuir an
rígh fhios air a thriúr mhac, agus dubhairt
leo,
"Ní bhéidh aon bhiseach air mo chois go
bh-fágh mé buidéal uisge as Tobar deir-
eadh an domhain: Anois cia 'r bith fear
do bhéarfas chugam é béidh mo rígheacht
aige mo dhiaigh."
An sin dubhairt an triúr, "D'a thór-
ruigheacht rachfamuid."
Thug an rígh sparán airgid do gach
aon aca, agus d'imthigh siad air siúbhal.
Nuair do thainiceadar cho fada leis an
g-crosbhóthar, dubhairt Art,
"Téidheadh uile fhear bóthar dhó fhéin,
agus bídheadh conradh eadaruinn, an
cheud fhear do thiocfas air ais roimh lá
agus bliadhain go bh-fanfaidh sé ann sin
shíos ag an teach-ósda go d-tagaidh an
bheirt eile chuige."
Chuaidh Art agus Neart go d-tí an
