15
AN GAODHAL.
A stóirín do dhearcas thú,
Bu dheas do sheasa a m-bróigín,
A's ba ró-dheas do leagann súl;
Do ghruaidh níos deirge 'ná an rósa.
'S do chuairnínighe bhí fighte go dlúith:
'Sé mo leun nach bh-fuil mé 's tú pósta
No air bhord luinge triall chum siúbhail
Míle slán le 'n m-bliadhain a nuraidh
Ní raibh doilghíos air mo chroidhe no brón
Bhi an chuach a m-beul na m-bailteadh,
'San chuach eile a g-condae an Dúin;
Acht níor órduigh Dia no Mhuire dhúinn
Feidil no cláirsighe ceoil;
'S gur b'í an chuach thug bárr uadhtha uile,
An bhroingheal a bhuain díom mo shuan.
'Gus chuir mé leitir sgríobhtha
Go seicréideach dhí am mhúirnín féin,
Acht fuair mé air ais arís í
'Sa croidhe 'stigh cho dubh le gual.
A cum níos gile 's níos míne
'Ná síoda 's ná clúmhach na n-eun ;
'S nach trom an t-osna a ghním-si
Tráth smuainim a bheith ag sgaradh léi
Agus is cuma liomsa féin
Cad a bheith siad a luath nó rádh,
Acht béarfad cuairt agus ceud
Air an taobh ann a bh-fuil mo ghrádh;
Sí lóndubh bárr na g craobh í,
Agus péacóigín an bhrollaigh bháin,
As gur thug mé searc 'gus spéis di,
Acht ní fheudaim fios a h-inntin' 'fhághail
ABHRÁN MHAC FIONN DUIBH.
(Written from the dictation of Mr Jeremiah Con¬
nolly, a native of Rosscarberry, co Cork,
J. J. Lyons.)
Mo chiach 's mo leun! nach liom an tuaith
úd go léir.
'S as sin go m-buaileann sé bruach loch-
[a Leun,
Gheobhfainn suaimhneas ó'n b-péin agus
mór-chuid de'n t saoghal,
Le stuadhaire 'n righ uasail ab' fheárr
tuairisg, cliú, 's méin.
Bhí criosach air lucht breug, a chuir náire
orm fhéin,
A dubhairt go rabhas-sa páirteach le
"bláth geal na g-craobh,"
'S go bh-fuil a fhios aig Mac Dé ná 'r
dheárnas 'riabh léi,
Mar n-deunfainn súgradh le grádh dith
no gáire gan chlaon.
Air mo luidhe dam aréir, seadh smuain¬
eas faoi mo neul,
Gur sighfridhe a chaith saighead liom 's do
mhill mé go léir;
Cia gheobhfainn sínte le mo thaobh go
ciuin 's go séimh,
Ná brighideach na g-caon-rosg ó thaobh
Locha Léin.
Mo chiach 's mo dhith! gan sinn air thaobh
chnoic 'nar suidhe,
Air dhul na gréine faoi neultaibh chunn
go n-éireoghadh sí arís ;
Gan aon duine bheith linn acht sinn a¬
raon n-ár suidhe,
A taobh deas le mo thaobh-sa 's gan aon
duine baint linn.
Sgríobhfad-sa chugad go grinn 's go
dluth,
Leitir fó sheula chum péarla na lúb;
Mar d-tiocaidh tú liomsa 's mé thógbháil
ó 'n smúid,
Beidh mé m' eilit air fud ghleannta no
go faon lag san úir.
Níor bhudh aithrigheach glan liom de mo
ghrádh geal gan smúid,
Bheith nár suidhe air bhruach na trágha
faoi ghártha na d-tonn;
Acht bán-thallaidhe 's cúirt, agus fághail
air fhíon fionn,
Mo dhaingean-ghrádh bheith air láimh liom
air árd-leaba chluimh.
'S ní'l aon tighearna le fághail anns a
bh-Frainc 'na sa Spáinn;
Nach bh-fuil a dhóithin de chéile a b-péarla
an chúil bháin;
Sgríobhann sí gan cháim le n-a caol-
pheann air chlár
'S seineann si port neata air a teuda
[buidhe prais.
'S do gheobhfainn-se go leor de lucht
síodaidhe 's sróil,
A m-beidheadh péarlaidhe na g-cluasaibh
agus fáinnidhe buidhe óir;
Ní dóibh a bhí mo ghrádh acht duitse, a
dhaingean-stór,
'S go siúbhalfainn-se an saoghal leat 's
taob tháll de'n Róimh.
Maighre an Chúil
Doiñ. ?
See Gaelic
Journal"
Nos. 185. p.82
186 p. 100.
NOT same song.
