(15)
8Mhadh Rol. Uimh. 3.
OCHT-MHÍ
1890.
Thamhnaigh
Mac Righ Caisleán Buidhe Shamhnuigh, &
Bainríoghan Tobar Deire 'n Domhain.
(Leanta)
agus chonnairc sé cat mór liath na
suidheadh ag an teine. Chuaidh an cat
asteach i seomra beag, agus níor bh'fhad
go d-tainic cailleach amach, agus dubh-
airt,
"Ceud míle fáilte romhat a Mhic-righ
Caisleán Buidhe-Shamhnaigh."
"Cia 'n chaoi a bh-fuair tú eolas orm-
sa?" ars an Mac-rígh.
"Bídheas go minic i g-caisleán, d'a¬
thar," ars an chailleach, "b-fuil aon bhis-
each air a chois fós?"
"Ní'l, go deimhin," ars an Mac-rígh,
"'s ag tóruigheacht leighis dhó atá mise
a dul anois"
"Maiseadh, go n éirighe leat," ars an
chailleach, "Is dóigh liom go bh-fuil tart
agus ocras ort 'n-diaidh do shiubhail fha-
da."
"Ní'l mé saor uaidhe," ars an Mac-
rígh, "acht tá neart airgid agam le íoc
air bhiadh, deoch agus lóisdín."
"Ní ghlacfaidh mise airgiod uait," ar
san chailleach.
Ann sin ghleus sí dhó cho maith 's d' ith
sé riamh sa m-baile, agus nuair a d' ith
agus d' ól sé a sháith thaisbeán sí leab-
adh dhó, agus dubhairt,
"Téidhig a chodladh anois, ní bhéidh aon
bhaoghall ort go maidin."
Chuaidh an Mac-rígh na chodladh agus
níor mhúsgail sé go maidin. Nuair a
d'éirigh sé bhí lord leagtha amach aig an
gcailligh dhó, agus nuair a d'ith agus d'
ól sé d'fhiafraidh sí dhe cá fhaid a bhí sé
a dul.
"Ní'l fhios agam," ars an Mac-rígh,
"táim a tóruigheacht tobar Deireadh 'n
Domhain."
"Tá mise os cionn chúig chéad bliadh-
