ain," ars an chailleach, "agus níor chual¬
aidh mé caint air an áit sin ariam."
Ann sin d'imthigh an Mac-rígh agus
shiúbhal go d-tainic sé go cros-bhóthar id¬
ir dhá choill Chonnairc sé an bhean is
breághtha d'a bh-facaid sé ariamh teacht
chuige, agus í gleusda le síoda glas.
Dubhairt sí leis,
"A mhic-rígh Caisleán Bhuidhe Thamhnaigh,
téidh air d'aghaidh, sé sin cómhairle car¬
adh."
Agus sul d'ar feud sé labhairt do
bhí sí imthighthe as a amharc.
Shiúbhal sé an lá sin go rabh dorchad¬
as na h-oidhche air, agus connairc sé
solas i g-coill mhóir agus tharraing, sé
air. Bhí an solas i d-teach beag, go dí¬
reach mar an teach a bhí sé ann aréir
Buail sé ag an dorus agus d'fhosgail
cailleach liath e. Nuair a chuaidh sé a-
steach dubhairt sí,
"Ceud míle fáilte rómhat, a mhic-righ
Ceisleán Buidhe-Shamhnaigh, bhí tú ag teach
m'ingean aréir: Cia 'n chaoi bh-fuil d'
athair, no bh-fuil biseach air a chois fós?
"Ní'l, go deimhin," ars an mac-rígh, "'s
ag tóruigheacht léighis dhó tá mise a dul
"Is dóig go bh-fuil tart agus ocras
ort 'n-diaigh do shiúbhail fhada," ars an
chailleach.
"Tá, go deimhin," ars an Mac-rígh,
"níor ith mé no níor ól mé ó d'fhág mé
teach d'inghean."
Ann sin chraith sí clog beag, agus d'
éirigh bord suas as an talamh, a láthair
an Mhic-rígh, agus gach h-uile nidh le n-ithe
agus le n-ól air. Nuair a d'ith agus d'
ól sé a sháith, d'imthigh an bord síos san
talamh, agus dubhairt an chailleach leis,
"Tar liom go d-taisbeánfaidh mé
leaba dhuit."
Thaisbeán sí leaba bhreágh dhó, agus
chuaidh sé a chodladh. Níor mhúsgail sé
go rabh an ghrian a teacht asteach air an
bh-fuinneoig lá 'r na mhárach. Nuair a
d'éirigh sé bhí 'n bord réidh aig an g-caill¬
igh, agus d'ith agus d'ól sé a sháith. Ann
sin dubhairt an chailleach,
"Cá fhaid a rachfas tú, a Mhic-rígh"?
"Ní'l fios agam," ar seisean, "táim
a tóruigheacht tobar Deireadh an Domh¬
ain.
"Tá mise inseo os cionn seacht g-
ceud bliadhain, agus nior chualaidh mé
trácht air an áit sin ariamh roimhe seo,
ars an chailleach, "acht má tá a leithid
d'áit sa domhan béidh eolas aig m'athair
air. Tá m'athair na chómhnuidhe seacht
g-ceud míle ar an áit seo "
"Is fada go m-béidh an aisdir sin
siúbhalta agam," ars an Mac-rígh,
"Béidh tú aig teach m'athar sul do
théidheas an ghrian faoi an tráthnóna
so," ars an chailleach.
Ann sin chraith sí cloigín beag, agus
thainic gearráinín chuici. "Sin é 'n bheith¬
each a bhéarfas go teach m'athar thú."
Ní rabh sé cho mór le gabhar, agus
dubhairt an Mac-rígh.
"Ní bhéidh sé 'nan mé iomchar."
"Téidh air marcuigheacht agus feicfidh
tú" ars an chailleach."
Chuaidh an Mac-rígh a marcuigheacht,
agus as go bráth leis an ngearráinín
mar ghail gaoithe, agus sul d'a ndeach¬
aidh an ghrian faoi an tráthnóna sin,
chuaidh sé asteach a g-coill mhóir, agus
suas go doras tighe bhig, mar na tighthe
eile. Bhuail sé a cheann 'n aghaidh an
doruis, agus chuir asteach é. Thainic
sean-dhuine liath amach, agus dubhairt,
"Ceud míle fáilte romhat, a Mhic-rígh
Caisleán Buidhe-Shamhnigh, bhí tú ag teach
m'inghean aréir."
"Bídheas, go deimhin," ars an Mac-
righ.
"Cá bh-fuil tú dul anois?" ars an
seanduine.
"A tóruigheacht Tobar Deire 'n Domh¬
ain," ars an Mac-rígh.
"Mo bhrón! is iomdha duine a chuaidh
air an aisdir cheudna, acht níor thainic
air ais," ars an seanduine, "acht deun¬
fad m' dhithchioll dhuit-se."
Ann sin dubhairt sé,
"Is dóigh liom go bh-fuil tart agus
ocras ort 'n dhiaigh do mharcuigheacht fha¬
da."
"Tá, go deimhin," ars an Macrígh.
