AN GAODHAL.
27.
Cia 's feárr poll na páisde?
Is fiúntaigh poll ach is a' paisde.
[Mr. Lyons has sent a lot of these which will be
published from time to time — Ed.]
fearr
Ó'N t-SEAN-FHÓD ARÍS.
A Shaoi Dhíl;
Leis so gheobhuidh tú ádhbhar duilleoige
fíor-Ghaedhilge i tomhsanna do cruinn¬
igheadh in Iar-gConnachtaibh.
Do bhidheas shiar faoi Loch Measga
goirid ó, agus b' éidir go g cluinfidh tú
fós uaim maidir le mo thurus,
Ní'l sé air g-cumus faoi láthair d'
aonduine, ná d'aon bheirt ná triur, na
focla Gaedhilge atá aca do chur le chéi¬
le leath astigh de leath-bhliadhain nó de
trí ráithibh. Faoi cheann na h aimsire
sin beidh cuid mhaith déanta agam féin.
Lé mór-mheas,
E. O'G.
TOMHSANNA.
Do chruinnigh Domhnall O'Fatharta.
[Bhí cuid aca seo i Nuaidheacht Thuama]
Sín do lámh air t' aghaidh,
A's chidhfir an rud nach raibh,
'S nach bh-fuil, 's nach m-beidh.
Comhfhad na meur
Corcán óir, a's é lán d'fheoil bheo.
Mheuracán.
Meig, meig, taobh astigh dhe'n chladh,
Meig, meig, taobh amuigh dhe'n chladh,
Ní bhainfeadh an meig taobh istigh dhe'n
chladh,
Leis an meig taobh amuigh dhe 'n chladh.
Neanntóg
Chuaidh mé suas an bóthairín,
A's anuas an bóthairín,
A's thug mé an bóthairín air mo dhruim
liom
Dréimire.
Siúd chugat thríd an t-sáile é,
Féiliocán na gréine,
Fear an chóitín ghuirm
'S snáithe dearg in a léine.
Gliomach.
[Coingbheochaimid an chuid éile do 'n
t-sileadh seo chugainn. — F.]
Another Correspondent from the Old Sod.
BEAGÁN FOCAL TIMCHIOLL TEAN¬
GAN NA GHAODHAILGE.
Baile-ath-cliath.
an 4adh lá de'n t-ochtmhadh mí '90
A Shaoi, — Gheobhair fillte fá chlúdach na
litre so ordughadh air a d-tabhairfear
sé sgilinge dhuit. Tá cuid de mar dío¬
laidheacht air son sé uibhreacha ded' ir¬
isleabhar chuiris chugam roimh ré thar a
raib ceart agam d'fhághail ; díolfaidh a
earasbhárr as ocht uibhreacha deug de'n
Ghaodhal. Tá súil agam go gcuirfeadh
tú a triall orm andiaigh chéile do réir
mar d'fhoillseochair iad
Taithneann go mór liom an saothar
tabhachdach tá agat dá dheunamh i g-cúis
na Gaoidhilge. Dá g-cuirfeadh gach uile
Éireannach, a deir go bh-fuil meas aige
air theangain a thíre, roimhe obrughadh
anns an t-slighe chéadna, mar luadhail¬
feadh a acfuinne dó é, ní páipeur mí¬
osamhuil bheidheadh agat anois acht ceann
laetheamhuil. Go deimhin is mór an ach¬
mhusán i n-ár leith nach bh-fuil aon pháip¬
peur amháin oireamhnach againn clóbhuail¬
te i nGaoidhilge anaghaidh na seachdmhui¬
ne. Tá mar an gceudna easbhuidh lea¬
bhair agus foclóir iomcubhaidh orrainn.
Na daoine bheidheadh toilteanach leis an
obhair do chur chum chínn ní bh-fuil an t-
airgead aca do dhíolfadh as a chlóbhual¬
adh. Is dóigh liom gur annso i m-Baile-
ath-Cliath atáid na fiollsitheoiridhe is
measa anns an domhan (acht measaim
nach fiú an ainm sin do thabhairt orra]
gidh go bh-fuil cuid díobh saidhbhir go leor-
Daoine bailleacha, coimhiadacha, iseadh
iad nach g-caillfeadh coróin le leabhar
do chlóbhualadh muna m-beidís deimhneach
go m-beidheadh a dhá oiread dh'a bhár aca
fá cheann treibhse gheárr.
Budh mhór an t-iongnadh liom an tráth
bhidheasa anns na Stait Aontuighthe
tuairim le chúig bliadhna deug o shoin,
nach feudfainn leabhar Gaoidhilge d'fhágh¬
ail i n aon leabhar-lán anns na cathrea¬
chaibh móra na tíre áilne sin, gídh ní
raibh ganntanus leabhar Gearamánach
