23
AN GAODHAL.
ná Francais orra. Agus ó thainig mé
thar n-ais go h-Éirinn is fada fair¬
sing mo shiubhal, acht níor casadh riamh
orm anns na seomraibh leightheoireachd¬
a paipeur ná irisleabhar 'n-a raibh roinn
Gaoidhilge. Nách náireach an sgeul é so
le innsin? Cia tá anns an locht do
thaobh an stáid fhailligheach so 'n-a bh-fuil¬
míd? Gan amhrus is iad Éireannaighe
féin atá cionntach ann. Tá comhchruin¬
niughadh anns an chathruigh so dár ab'
ainm Árdscoil Rioghamhuil na h-Éireann,
agus is iad na fir is mó fóghluim i n-
Éirinn bhuaineann leis. Do chuirfeadh
sé luagháir ort na leabhair Gaoidhilge
go léir (cuid diobh láimh-sgriobhtha, agus
tuilleadh diobh clóbuailte) atá 'na d-tigh
mhóir d'fheicsin. Cuirid mórán daoin¬
eadh aisdear fada orra féin chum radh¬
arc d'fhághail air an taisge luachmhar
sin. Acht ní bh-fuil na daoine leighean¬
ta so ag deunamh an oiread agus budh
chóir dóibh chum eolais air ár d-teang¬
ain d'fhoirleathnughadh. Os cionn deich
m-bliadhnan o shoin do chinntigheadar an
t Olamh Atkinson mar feareagar chum
focail d'fhághail tiomargtha as na sean
leabhair agus foclóir tertamhuil, bun¬
adhasach do chur le chéile d'fhoillseochai¬
dís. Ag súil leis an gno so do chur i
ngníomh d'fhágadar fá n-a riarughadh
timchioll dhá cheud punt anns an mblia¬
dhain, de airgead fiaigheann siad ó oir
cisde na Sagsanach go bladhnamhuil, ag¬
us gidh go bh-fuil sgolairdhe foghlumtha 'n
a bh-feidhil air feadh na h-aimsire sin ni
bh-fuil focal de clóbhuailte fós.
Fuair an comhchomun so air a d-trách¬
daim clóbhuailte an bhliadhain so fá chú¬
ram an t-Olamh Atcinson, "Trí Bior-
Ghaoithe an Bháis," leabhar do sgríobhadh
an Sagart agus dochtúr diadhachda
Seathrun Ceitin, i ngar do thrí cheud
bliadhan ó shoin, an uair bhí sé 'n a dhíb¬
earthach air fuid na h-Éirionn de dheas¬
gadh na géirleanmhna bhí curtha air bun
anaghaidh na g-Caitilic. Tá lochta beag¬
a annso agus an súd tríd an leabhar,
acht ní lughaide sin, is ceart an leabhar
é ameasg na leabhar Gaoidhilge is feárr
do cuireadh riamh i g-clódh.
Deirtear go bh-fuil fonn air an t-Ol¬
amh Atcinson 'Eochair Sgiathadh an Ai¬
frin," leabhar eile do sgríobhadh an Doch¬
túr Ceitin, do chlóbhualadh comh luaith is
do bheidh uain aige air a dheunadh.
Do chara bithdhílis,
Padruig O'Briain.
[ We have not seen this book for the reason
that we are no lover of Gaelic in English dress
(English in this sense because of our conception
of its sound and general surroundings) — Ed. G.]
Focla Maithe ó'n tSean Fhód.
A Shaoi Dhíl: Maille leis an litir so
do gheobhair dreacht a righne máthair
taréis a mac beith imthighthe uaithe chum
a bheith 'na shaghaideoir, sgeul air Mich¬
eál árdaingeal i g-comhsamhlacht na g-
ceud do cleachtadh le ciantaibh againn
annso, agus eachtra air Eoghan Ruadh
éigin. Atáid siad so go léir don chin¬
eul bhidheadh faoi mheas mór tamall ó
shoin air gach leith do Mhúmhain acht tá
anois na n-adhbhar dearmadtha air nós
gach neith bhaineas leis an Éirinn bhí ann
fad ó. Truaigh sin, ár b-príomh dhuth¬
chais tre ainbhfios na nGaodhal dá mha¬
lartughadh gach lá air bheusaibh & beatha
na nGall. Dá m-beidheadh fhios aig ár
sinsearaibh go m-b' amhlaidh do bheidheadh
sé, go m-badh cruaidhe an gabháltas thioc¬
fadh air Ghaodhalaibh dá n-deoin féin ná
gach greim agus daor-cheangal fheudfai¬
dís Gaill do bhreith orra air eigean, ní
fheudfaidís, dar leat, gach cruatan d'
iomchar gan buidheachas agus a g-cuid
fola dhórtadh a n-aisge amhail righnead¬
ar Monuar! muna m-beidheadh gur
imthigh an donas orrainn & gur druid
uainn gan mheadhchaint ár n-athardha budh
choir go m-beidheadh an oiread sin de
mheas fó thrí aguinn air gach focal de
sheanchus Éireann air gach fód dá fear¬
ann agus air gach alt dá creideamh ná
an lastair il-mheasgtha maoth, míochruinn
de nuadh-bheuraibh i leigheann, i nosaibh. i
g-caint, agus i gnath-iomchar Galldha da
d-tig chughainn ó Chathair Long-Dún am¬
ach dá áilneacht a taithidhe do réir
tuairim na n-daoineadh dár fíor-nós
díleas é. Measaim-se gur Gaodhail
sinn, idir-dheighilte ón cheud-phréim bhun¬
adhasach leis na Gallaibh, agus dá reir
