(16)
8Mhadh Rol. Uimh. 4.
SAMHAIN,
1890.
Mac Righ Caisleán Buidhe Shamhnuigh ⁊
Bainríoghan Tobar Deire 'n Domhain.
(Leanta)
Nuair i d' éirigh sé thug an seandui-
ne neart le n-ithe s le n-ól dhó. Insin d'
fhiafruigh sé dhe i rabh eolas maith aige
air lúb agus gath.
"Tá go deimhin," ars an Mac-righ,
"chleacht mé iad óm' óige."
Thug an seanduine lúb as gath dhó ⁊
thug amach sa g-coill é. Insin chuir sé
marc air chrann, thug an Mac-righ céad
slat uaidh, agus dubhairt
"Cuir gath thríd an marc sin."
Insin tharraing sé an lúb agus chuir
an gath thríd an marc.
"Deunfaidh tú na gnóthuidhe," ars
an seanduine.
Insin dubhairt sé,
"Tá oileán Tobair-deire-an-domhain
i n-gar do 'n áit seo, ní'l eadrainn ag
us é ach abhainn, ach tá banríoghan draoi-
dheachda air an oileán agus tá iolar
draoidheachda d'a cúmhdach; ní theidheann
an bhanríoghan na codladh ach uair anns
na seacht m-bladhna, agus insín codluigh
eann sí lá agus bliadhain. Tá sí na
codladh anois, agus anocht beidh iar-
ruidh againn a dhul air an oileán. Cuir
fidh mé tusa air mo dhruim, agus snámh
fuidh mé an abhainn; má fheiceann tú 'n
t-iolar a teacht, tabhair anuas é le do
ghath, no béidh muid caillte."
"Deunfad mo dhithchioll," ars an
Mac-righ.
Nuair do thainic dorchadas na h-oidh-
che thug an seanduine lúb agus gaethe
do 'n Mhac-righ agus chuaidh an bheirt go
bruach na h-aibhne, insin thug an sean-
duine dhá bhuideul dhó, agus dubhairt,
"Má théidheann tú go d-ti an tobar
líon an dá bhuideul agus tabhair chugam-
sa iad; tá an tobar ag cúl an chais-
leáin : feicfidh tú leon agus ullpéist
