40
AN GAODHAL.
Déantús Dhuine Áirighthe, Air an g-Coga Déighionach a m-Blia¬
dhain 1798.
Áithsgríobhtha agus mínighthe ag Tomás D. de Norradh.
1
Tá matha na Breatainne a n-anabhruid Péine,
Gan taise le tréimhse d'á n-greada thar fóir,
A beartúghadh a le h-ainbhfhios b 's mearbhal céile,
Tré mhachtnamh droichmhéine do thangmhuigh do 'n chóip;
A n-airm do tharraing gan adbhar gan éirim,
Air ghasradh bhochd chéasda budh fhada faoi gheoch,
Is gan aca d'á ghairm achd laisgne faosaibh,
Na m-bailte puirt féin d'á m' áil léigionn dóibh.
2
Amadh dubh cealg-uilc eagluise is Réicse,
Na m-beatha gan daonacht faoi n-deara gach tóir,
Le h-aindlighthe damanta, mallaighthe, daora,
Ár g-caradas cléibhchirt, a fealladh gan chóir;
Gur dhearbhuigh sgata de'n aicme so céasadh,
Le teagasg ó'n naoim-spioraid do thag uair an sgeol,
Na reachta so leaga nó a n-anam do thréigionn,
'Sas gearraid gur géilliodh go m' bh-feárr léigionn dóibh.
3
Air an aicme bhí a n gradam na reachta so dhéanamh,
Tá fearg an aoin-mhic ag feathruinn c gach ló,
D'a n-gearradh le h-armaibh ceartuighthe geura,
D'fhág marbh lag céadta d'a mathaibh, air feogh;
Gan seachaint air cheachtar ná'r admhuigh géille
D'a n-glana as réim chirt gan fearran, gan fód,
Faoi scamall go dealbh gach pearsa aca d'éalaidh,
Is gan d'eagal na m-beul acht gur bh'fheárr léigion dóibh
4
Tá eagluis bheannuighthe Pheadair air aon ghuth,
Aig agairt le chéile na n-altaibh a g cómhair,
Na flatha so sealadh, do chleachtadh an treadhnas, d
Le aifrinn d'éisteacht go sailmeach, sódhail;
Faltannas athar na bh-flaitheas do thearnamh,
Na g cárna gan faoiseamh, dá d-treasgairt gan treoir,
Is gan maitheas 'nna g-cainaid, gurb aithnidh do'n t-saoghal so,
Go m' bh fearradh do 'n g-cléire mar chách léigionn dóibh.
5
Tá 'n t-athair mhach measgaim, cídh fada do ag éisteacht.
Na tarramain sgeithe le sealadh 'nna g-cómair,
Tré a d-tagaid go rachthmhar ó dhaingionn gach baoghal,
A casadh faoi shéan as gach caitiorguil fuós ;
Do budh aithnidh na m-beatha faoi ganguid na bh-faolchon,
Thug aire le daonachd d'a g-casnadh dobhróin,
Gur cheaduigh 'nna mhaithios an t-amadh so réighteach,
Tré 'r bhaineadar géille go m' bh-feárr léigionn dóibh.
6
Ní'l tairbhe a n-easgaine sagairt de 'n réir sin,
Tá 'n fhairge a éinfeacht 'san machaire leo,
Is beidh stártha le 'n-aithris a leabharaibh léigheanta,
Tré chathamh na saoghal air ghaisge na leoghan;
