AN GAODHAL.
41
A bh-freasdalaibh catha a n-aghaidh sgata de réicsibh,
Gan carad le h-éileamh go tráigh na h-Ollóint,
Acfuin ná 'r measadh d' aon aicme air bith daona,
Cé chathadar géille go m' bh-feárr léigionn dóibh.
7
Dhort cumais, ceannasach, caithbhille an chead fhuil,
A Sacsanac saorthadh leis machaire air d-tóis, e
Lé 'r beartadh na flatha so sgaipeadh le sméide,
Na rathaibh air séire gan tagairt air ghleo;
Budh sheachmhaill a seasamh air ghreada na treun teine,
Is casa dob' éigionn do air easba na sluagh,
A bhaile chum athar le h-eachtra léanmhar,
Gur mairg nách d' eimhigh f a d-tráth léigionn dóibh.
8
Tá ar thangmhaidh gan leaga aca a d-treasaibh na m-béimion,
Faoi cheangalaibh daora gan fairsinge sgóip,
A g-carcair gach cathrach greamuighthe a n-géibhin,
Gan amharc na spéire aca, air easba gach sóirt;
Na ceanna do chleachtach bheith fleádhathach féastach,
A samhar chuirp céasda gan sealbh gan sódh,
A seargadh a n-anachruit galair a's créime,
Cé ar dheacair leo géille go m' bh-feárr léigionn dóibh.
9
Cúis atuirse, 's léana duibh, peanuide 's créachta,
Do ghallaibh go n-éagaid mar bhárr air a n-gnódh,
Air theagasg Phitt chealguigh, tharruing 'san g-céim sin,
A measgadh idir Suedes, Ruissions, Danoir a's Póls;
Le h-anfadh, a g-creathaibh, go h-eaglach faoinmhisnigh
Arm gach réics aca a casa air a thóin,
Is fir Sacsan a freagairt an catha le h-éigionn,
Cídh bh-fearradh leo géille d'á m' áil léigionn dóibh.
10
Treasna na mara má thigid d'ár bh-féachaint,
Na m-barcaibh go gleusta, mear, meanmna air bórd,
Air grathair spruit cealguigh Chailbhin an éiric,
Beidh carta, rith, béimbhrise, greada 'gus tóir;
Tá Albadh is dearbhtha breathta le tréimhse,
Preabfaidh an gléir sin faoi ghairm na d-treon,
'San t-arm so neartuigh a bh fearanaibh Éirionn,
Ní'l maitheas a shéanadh go m' bh-feárr léigionn dóibh
11
Gach draga duirc, danartha, damanta, daol-dhubh,
Cas, cealgach, craos-chuthaigh, caismeortach crón,
Ná seachnach athanta an Athar do raobadh,
A's do dearbhuigh claon a n-aghaidh maitheas na h-Óigh;
Caithfid a m-beatha 'sa reachtmus do thréigionn.
A's gan aon chumairc caomhnuighthe g air talamh na g-cómhair,
Sin faladh do tharruing a n-ainbhfhios féin orra,
Do gheasgaibh gan géille go m' bh-feárr léigionn dóibh.
12
'Stadfad, a's geallaim nach bagartha baotha,
Le machtnamh na bréithre so beartuighthe am dheoigh,
'S go dearbh beidh agaibhse air taisdeall na laochradh,
A creacha 'sa tréan bhrise callaith a's Phóirt;
