42.
AN GAODHAL.
Beidh feannadh h 'gus fealladh air na
feanatics chlaona,
'Sa m-bailte, cídh éarach na lasrachaibh
[smóil
Air amharc do bhreacfainse meamraim
dréachta,
'Sa g-ceangal gach bhéarsa go m' bh-feárr
léigionn dóibh
Tomás D. de Norradh
Notes.
a beartúghadh, v. meditating, etc.
b ainbhfhios, n. m, ignorance.
c feathruinn, n. f. rain; v. raining.
d tréadhnas, n. m, abstinence, etc.
e air d-tóis, adv. first, in the beginn¬
[ing.
f éimigh, v. to shout, cry or call.
g caomhnuighthe, pass. par. spared, saved,
[protected.
h feannadh, n, m, flaying.
IOSA, MUIRE 'GUS IOSUP.
The following hymn, Jesus, Mary and Joseph, is
written from the dictation of Celie Ferry, a native
of Gweedore, Co. Donegal. I Send it as a Christ¬
mas offering to the Irish readers.
J. J. LYONS.
Christmas, 1890.
Mo Dhia, mo sholus, mo bheatha, mo ghrádh,
Mo bhrigh, mo luthgháir 's mo lón gho bráth,
Tabhair dam meamhrugh' d' oidhche 's lá,
Ort-sa a Dhia, gach sólás;
Meudaigh mo ghrádh, m' osna 's mo bhrón,
A's fosgail mo bheul chum a rádh,
M' intin bheith go cinnte, grádhach
Air Iosa, Muire 'gus Iosup.
Glóir do Dhia an t-Athair go síor,
Ó is air a tá mé aig iarruigh párdúin,
Dod' Aon-mhac air an g-crois 'fuair bás
'S dhóirt a chuid fola go h-úmhal air ar
[son;
'S d'an Spiorad Naomh go léir
Dóirt orrainn anuas na grásta
Ar n-aire bheith go cinnte, gnáthach
Air Iosa, Muire 'gus Iosep.
Ó, a naomh chrois Iosa Críosta,
Mo Thighearna 'gus m' árd-dídin,
Mo ghárda buan de oidhche 's lá,
Gidh gur thuil mé go minic do dhimbhuidhea¬
chas;
Ó mo Thighearna, tabhair dam as so suas
Gach nidh mar thaisbeánas tú dham,
Mar ghrádh ort mo chrois iompar d'dhiagh,
A Iosa, Muire 'gus Iosup,
Fosgail mo phuisínidhe, ó mo Dhia,
Ionnos go mollfadh mo bheul go síoruidhe
[thú,
Ó a Dhia, iontaigh 's cuididh liom,
'S de mo chlaontaibh saoruigh mé ;
A Mhaighdean ghlórmhar, agruighim thú,
'S guidh orm ameasg na bh-fíreun,
Go raibh na trí ainm seo go buan ann
mo chroidhe,
A Iosa, Muire 'gus Iosup.
Sgrios uaim mo churthaidhe, ó mo Dhia,
A Iosa mhilis, na diúltaigh mé,
Tabhair dam meamhrughadh go síor
Air Iosa Críost a ceusadh;
Air ghrádh 'gus air onóir dod naomh-pháis
Proinn orrainn na tiodhlacaidh neamha.
Inn a thabhairt faoi do bhrataibh slán,
A Iosa, Muire 'gus Iosup.
A Athair na bh-flaithis, a Righ na Righte,
Go n-agruighidh an saoghal go léir thú,
Do'n Mhac 's do 'n Spiorad Naomh,
Onóir, glóir agus cantaidhe;
Go molltar thú le cion agus cliú,
'S le gach críostuidhe eoluis
A n-aire bheith go cinnte, gnáthach
Air Iosa, Muire gus Iosup.
Go m-beannuighthir thú, a Thighearna Dé,
A Righ na glóire síoruidhe,
De na h-anmacha bochta tá a b-péin,
Lónuigh air a saorughadh;
Is caol na glais a cheangluigheas iad,
De do thrócaire, a Thighearna,
Fuasgail dóibh a solus go síoruidhe,
A Iosa, Muire gus Iosup.
A Maighdean ghlórmhar agruighim thú,
Ó is mise an peacach deorach,
'Gus gur b'é do bheannacht fhéin 's bean¬
nacht do Mhic araon
A tá le mo churthaidhe eilic a chómhairiomh;
A charad na bh-feart, aobhuighim leat,
,S air sonn na trí ainm seo a luaidhtear
Go n-deanuigh siad sgíth a meadhon mo
chroidhe
A Íosa, Muire gus Iosup.
A Righ na bh-feart, tabhair damhsa neart
'Gus stiúr mé a m-bealaighe naomhtha
Thré do chneadha a bhí dórta fola,
Cudaigh agus slánaigh mé.
O mo Shlánuightheoir mhilis, agruighim thú
Leis na trí ainm seo go cinte mhearúgh'
Agus stiúr mé air uair mo bháis
A Iosa, Muire 'gus Iosup.
Feach "Spiritual Rose". l. 82.
