(17)
8Mhadh Rol. Uimh. 5.
DEICHMHÍS,
1890.
Thamhnaigh?
Mac Righ Caisleán Buidhe Shamhnuigh, ⁊
Bainríoghan Tobar Deire 'n Domhain.
(Leanta)
"Ní fhacas ach dream mná áluinn na
g-codladh, agus an leon agus an ull¬
phéist san g-caoi cheudna ag an n-geata,
ars an Mac-righ.
In sin chuir an seanduine air a dhruim é
agus shnámh sé thair an abhain. Chuaidh an
bheirt go teach an t-seanduine agus chaith
an oidhche ag ithe 's ag ól. Air maidin
lá'r na mhárach chuir an seanduine braon
uisge as ceann de na buidéil air fhéin,
agus faoi cheann móiméint bhí na fhear
óg. In sin d'innis sé do 'n Mhac-righ go
rabh sé fhéin agus a bean agus an t-in¬
ghean faoi dhraoidheacht os cionn seacht
g-ceud bliadhain.
"Tá mise le bheith sa m-baile faoi
cheann lá agus bliadhain, ach má bheidhim
roimh an am sin caithfidh mé fanacht aig
teach an ósda atá n-gar go chaisleán m
athar go d-tagaidh mo bheirt dearbhráthar
"Tá sé níos feárr duit fanacht in
seo ná aig teach ósda," ars an seand-
uine."
D'fhan an Mac-righ go rabh an chuid ba
mhó de'n lá as bliadhain imthighthe, in sin
thoisidh sé ag deunadh a bhealaighe a bhaile.
Shiúbhal sé an cheud lá go rabh dorcha-
das na h-oidhche a teacht; chonnairc sé
teach mór air thaobh an bhóthair, ach bhí sé
in dorchadas. Chuaidh an Mac-righ agus
bhuail sé an dorus. Thainic fear an tighe
amach agus d' fhiafraidh dhe cad a bhí sé
'g iarraidh.
"Lóisdín oidhche," ars an Mac-righ.
Bhéarfainn sin dhuit, agus fáilte, ach
ní'l aon t-solas againn le do bhiadh do
ghleusadh dhuit," arsa fear an tighe.
"Tá solus agam fhéin, ar an Mac-
righ.
