In sin chuaidh sé asteach, tharraing sé
amach an chloidheamh agus las sé suas
iomlán an tighe. In sin ghleus bean an
tighe biadh dhó, agus nuair a d'ith agus d'
ól sé a sháith chuaidh sé a chodladh.
Nuair a bhí sé ag imtheacht air maid¬
in d' iarradar air in onóir Dé cloidh¬
eamh an t-soluis fhágáil acu,
"Ó thárla gur iarr sibh í in onóir Dé
ní thig liom sibh eitiughadh, mar gheall mé
dho mo mháthair nuair a bhí sí fághail bháis
nach n-eiteochainn aonduine a d'iarrfadh
éinidh orm in ainm Dé, dá bh-feudfainn
a thabhairt," ars an Mac-righ.
D'fhág sé an chloidheamh na dhiaigh, agus
bhí ag siúbhal an lá sin go rabh dorchadas
na h-oidhche teacht air; chonnairc sé teach
i g-coill agus righne sé air. Nuair do
bhuail sé an dorus thainic bean an tighe
amach, agus d' fhiafraidh dhe cad a bhí sé
'g iarraidh.
"Lóisdín oidhche, má's é do thoil é," ar
san Mac-righ.
"Bhéarfainn sin dhuit, agus fáilte, ach
bhí tirmach mór inseo go deighionach & ní'l
braon uisge bh-fuisgeacht fiche míle dhúinn
le biadh do ghleusadh dhuit," ars an bhean
"Tá neart uisge agam fhéin," ars an
Mac-righ.
In sin chuaidh sé asteach, tharraing a¬
mach an buidéal agus níor fhág sé soith¬
each sa teach ná'r líon sé, agus fós bhí
an buidéal lán.
In sin ghleusadar biadh dhó, agus nuair
d'ith & d'ól sé a sháith chuaidh sé chodladh.
Aig imtheacht dhó air maidin d'iarradar
air in onóir Dé an buidéal fhághail acu.
Dubhairt sé leo mar dubhairt sé le daoin¬
ibh an cheud tighe, agus d'fhág sé an buid¬
éal na dhiaigh. Bhí sé ag siúbhal an treas
lá gur rug dorchadas na h-oidhche air
agus ag feicsint tighe eile dhó tharraing
sé air agus bhuail air an dorus. Tháin¬
ic bean óg amach agus d' iarr dhe cad a
bhí sé 'g iarraidh.
"Lóisdín oidhche, má's sé do thoil é,"
ars an Mac-righ,
Tig liom sin a thabhairt dhuit, ach far¬
aor, tá gort mór inseo agus ní'l aon
ghreim aráin againn duit," ars an bhean
"Tá neart aráin agam fhéin," ars an
Mac-righ.
Cuaidh sé asteach, agus tharaing sé a
mach an builín, agus thoisidh dhá dhearr¬
adh go rabh bord mór líonta le píosaibh
aráin, agus fós bhí an builín chó mór 's
nuair a thoisigh sé gearradh dhe.
Air maidin d'iarr siad air in onóir
do Dhia an builín fhágháil acu, agus d'
fhág sé é.
Anois bhí na trí neithe imthighthe uaidh
agus é bh-fad ó bhaile; bhí sé ag siúbhal
an lá sin go d-tainic sé cho fada le abh¬
ain mhóir, agus níor fheud sé dhul níos
fuide. Chuaidh sé air a ghlúinibh agus
ghuidh sé air Dhia cobhair a chuir chuige.
Níor bh-fada go bh-facaidh sé bean áluinn
a teacht chuige, gleusta le síoda uaine
agus dubhairt,
"Thainic mé le cobhair do thabhairt
dhuit, in onóir do Dhia, is mé Gráinne
Óg (Grace O'Malley), Cad a tá tast¬
áil uait?"
"Bád le mo thabhairt treasna na h-
aibhne seo," ars an Mac-righ.
In sin tharraing sí meuracán amach
as a póca agus chaith air an abhain é; a¬
gus faoi cheann móiméint righneadh bád
breágh dhe, agus dubhairt sí leis an Mac-
righ,
"Bhéarfaidh an bád sin thair an abhain
thú, agus nuair a rachfas tú go d-ti an
taobh eile beidh each insin le do thabhairt
cho fada leis an áit ar fhág tú do
dhearbhraithre.
Chuaidh sé asteach sa m-bád agus níor
b' fhad go rabh sé air an taobh eile de'n
abhain. In sin chonnairc sé each cho geal
le sneachta. Chuaidh sé air marcuigheacht
agus d'imthigh an each cho luadh leis an n-
gaoth agus níor stop sé go d-tainic sé
go d-ti an áit ar fhág sé a dhearbhraith¬
re.
Chuaidh Ceart go d-ti an teach ósda
agus fuair sé Art agus Neart ann
mar níor fhág siad é ó d'fhág Ceart
iad; agus bhí a g-cuid airgid caithte ac¬
u. D'fhiafradar de Cheart an rabh sé
ag Tobar Deireadh an Domhain.
"Bídheas," arsa Ceart, "agus tá an
