AN GAODHAL.
53
aon bhaint aige liom," ars an garsún.
"Má théidhir d-tí an aifreann a má¬
rach agus má dheunann tú amach dam
nach fuil an diabhal ad' phócadh tabhairfidh
mé peidhre bróg duit."
Dh'éirigh ann garsún bhí cosnochtuighthe
air maidin dia Damhnaigh nigh sé a láimh
agus ghlan sé é féin. Níor stad sé in
sin go n-deachaidh sé d-ti an séipeul a¬
gus dhin sé a shlighe suas le h-ais na h-
altóra. Leigh an sagart an afrann a¬
gus ag tabhairt sgeul uaidh don phobul
dh'iarr sé raibh an garsún cosnochtuighthe
ann sin. Dubhairt an garsún go raibh,
gairid go leor dó.
"A gharsún cosnochtuighte," ars an
sagart, tá an diabhal ad' phócadh anois,"
"Ní'n [ní'l] an diabhal am' phócadh i d-
tighe Dé," ars an garsún.
"Cionus a gheobhaidh tú deunadh amach
dam nach fuil a an diabhal ad' phócadh?"
"Gheobhaidh mé go mait," ars an garsún,
cionus a bheidheadh an diabhal am' phócadh
nuair nach fuil aon phócadh orm."
"Márach a luan," ars an sagart
leis an ngarsún, "má theidheann tú go d-
tí an tigh go d-tí mé agus casán a bheith
agat agus gan aon chasán a bheith agat
tabhairfidh mé an péidhre bróg sin duit."
Dh'imthig an garsún dia luan agus
níor stad sé go n-deachaidh sé go d-ti
geata an t-sagairt. Bhí an sagart ag
faire air go bh-feiceochadh b sé teacht é;
bhí cos leis air an mbán agus cos air
an g-casán. Nuair chonnairc an sagart
é chrom sé ag gáire.
"A gharsún cosnochtuighthe,' ars an
sagart, "tar go d-ti mé márach agus
bíodh eudach art agus ná bíodh eudach
ort agus tabhairfidh mé an culaidh le na
chéile dhuit."
Dh'imthigh an garsún a's chuaidh sé d-ti
iasgaire d'iarraidh stiall de líon barr¬
ánach. Bhain sé gach aon snáithe des na
sean-eudaighe bhí air de; chaith sé an sean-
líon air a chroicean, agus bhí eudach air
agus ní raibh eudach air annsin.
Thug an sagart an chuaidh air fad
dó no dhiaigh sin.
Tar éis an chulaidh nuadh dh'fhághail,
mar dubhramar, tháinic an-taidhbhre air
agus bhí meas mór aige air shéin. Bhí fi¬
le a sgathamh uaidh agus chuaidh sé go d-
ti é chum a bheidheadh sé caint leis. Leig
sé air a bheith an-shimplidhe go bh-fághadh
fios a rún amach. Nuair chuaidh sé as¬
teach dti an tigh bhí an file leigheamh lea¬
bhair ag an dorus.
"Dia dhuit fhir a tighe," ars an gars¬
ún.
"Ní fear an tighe mé," ars an file,
"ach righ an tighe."
"Is breágh an leabhar é sin agat," ar
se sin.
"Ní leabhar a chuige é," ars an file,
"ach eidhig."
"Is breágh an peidhre bróg iad sin air
do chósaibh," ars an garsún.
"Ní bróga iad," ars an file, "ach so¬
cair bhoinn."
Tháinic gadhar a bhí astigh go d-ti an
dorus air chlos na cainte dhó, d'fheuch an
garsún air agus a dubhairt, "Is breágh
an gadhar é sin"
"Ní gadhar é a chuige," ars an file,
"ach soidir." Tháinig cailín óg amach.
"Is breágh an cailín óg inghean í sin
agat," ars an garsún.
[ Le bheith leanta ]
a ná fuil, Munster equivalent for nach
bh-fuil See O'Donovan's Gram.
b For bh-feicfeadh sé. Munster treats a
good many verbs as if from ighim stems.
a Pronounced, fella.
[ These pieces from the "Buinneán" are
in the Waterford idiom. — Ed. G. ]
During the past fifty years, six admirals of the
British navy have been received into the Catholic
Church.
In Bavaria, Baden, Denmark, Sweden and Wur¬
temburg there is not a single adult who is not able
to read and write.
MOTHERS ! Don't Fail To Procure Mrs.
Winlow's SOOTHING SYRUP For your Chil¬
dren While Cutting Teeth.
It soothes the child, softens the gums, allays
all pain, cures wind colic, and is the best remedy
for diarrhoea.
TWENTY-FIVE CENTS a BOTTLE.
p. 62
