Dún Áilinne, Pa. 1 31. '91.
Do Cheapuidhe An Ghaodhail.
A Shaoi Ionmhuine, — A meadhon cúr¬
am a's gleithearán gnáth na h-ama — tair¬
sin na bliadhna — ní cóir an chlódhadóir a
dhearmad, óir as dual nach do-san bea¬
tha gan biadh, acht an oirread le cách. Fá
threiseacht na cuimhne seo, & gur mhaith
an geall le n-arán airgiod, cuirim chug¬
at an bh-focair na sgribhe seo dollar —
mo ghéille bliadhnach don Ghaodhal. Déan
admháil dom ann, admháil iomláine go
d-táta. Tá's agad go n-deanas
Cúntus gann
Caradus teann.
Is beag an cúngnamh, gan amhrus, acht
gach n-duine d'réir acfuine. 'Nuair a
bhea'd am Mackey' Flood, O'Brien nó
aon eile dhe lucht maoineach Éireannach
b'fhéidir go m-bei'dh mo lámh chúnganta
níos troime: agus b'fhéidir eile nach m-
biadhadh, oir as dearamhach go bh-fuil mal¬
lacht éigin a d-teannta 'n t-saidhbhreis
do mhúchan spré na cirte a n-anam a n-
duine. Ó's mar sin do tharla, ní'l éileamh
'san aithris agam. Tá an díol ró dhaor.
Acht fós, is mór an t-sásadh nach a braith
air na milliúnuidhthe tá feabhas cúise na
Gaedhilge. Rachfaidh sí sin air aghaidh
gan a g-cúngnamh a's gan a g-cead.
Gigheadh, ní fuláir do gach n-duine
muintearach air fuid ár mhór chineadh
Ghaoil brustúghadh leíthi go díthchiollach
tabhartach d'réir a chumas, ní seasamh
gan suaim d'aon ghnó.
Dá leagfá amach clár nó dhó de'n
Ghaodhal le h-aghaidh ursa Feasa (ceist 's
freagradh), ba mhór an t-ullamhúghadh chum
feabhas é. Óir is iomadh focal cliste
agus canamhúin chainte chirte Ghaedhilge
air riocht failligheachta sa g-contabh¬
airt a n-dearmada go h-iomláine. Ní'l
slíghe eile níos feárr cum iad a bh-fuas¬
gladh agus dá g-cuir a ngnáthacht 'ná h-í.
Ní ghoillfeadh so ortsa, ad uain ná
ad phóca. Níor ghádh dhuit fhéin iarra
ná freagradh muna 'r mian leat, 'dhéan¬
fadh daoine eile é sin.
Ní'l an Ghaedhilig air díth focail iom¬
chúbhaidh leóra. Níor dhóil le duine seo
air a shon san, d'fheuchain dó air chuid
de'n sgríobh a tá déanta na h-ainm, &
a g-clos na d-truaill bhriathra bhorba
mar leanas :
Plánáil, úsáid, substaint, abalta,
oblaigháilt, proinsabálta, spéisialta,
listáil & mar leanas go minic a chéile,
desárting, siúráillte, "rás, rásana,"
nó fós féin, "réisis," mar, "Bh-fuil tú
dol 'd-tí 's na réisis?" Agus go leór
eile dá n-gaoil ndroich bheusach. Ní'l leit-
sgeul air domhan le seo acht amháin leisge
nó faillídhe, nó iad araon b'fhéidir. Dá
luaithe don ghramhuin seo a bheith teilghthe
a leath taobh 'sé is feárr.
Dubhrais tamall ó shoin go rabh ad' inn¬
tinn clódh nuadh d'fhághail don Ghaodhal,
a's go rabh níos daoire, ce go m-b'fheárr
a m-Blá-Cliath ná 'n so. Gabh mo chómh¬
airle-si a's faigh an chulaidh 's feire,
sí 's saoire 'sa deire. Agus mar as
lag cómhairle gan cobhair, ta cúig doll¬
ar agam le na cúl. Déanadh daoine ei¬
le mar an g-ceudna a's bei'dh dearamh
sonasach air an Gaodhal 'ná fuil anois.
Ní leór so más mian linn feabhas na
cúise. Ní ceart troime an turais
do cur air ghuaille 'neach amháin;
iomchar am go uile ár n-roinne & bhei'dh
an t-slíghe níos aoibhinne.
Tá focal freagarach le rádh agam
(má n-déanfair slíghe dham) d-taobh nidh¬
the áirighthe san uibhir deire de'n Ghao¬
dhal, dar liom nár cheart a leigin air
siúbhal gan srian. Ó's a m-Beurla dhóibh,
leanas gur a m-Beurla 's cúibhe an tag¬
ra. Fanfad go fóill air a shon san, le
súil go ma thárla air dhuine eigin eile
cuimilt leo, óir as beag m'uain agus 's
lúgha m' fhonn imirte.
Sguirfead anois, creidim go bh-fuilir
a bh-fad roimh seo, trí na chéile agam, &
gur "leór do'n lá a dhonais," reis sin,
Fanaim go fírinneach
Do chara,
F. R. McCártha-
[Though Mr. McCarthy is a new writer in the
Gael, he seems to be old in his knowledge of the
language.]
