62
AN GAODHAL.
53
7. I have a question. 8. She has a question. 9.
He has a question on you (to put you). 10. Hast
thou a question on me? 11. There is esteem on
me, i.e., I am esteemed (by others). 12. Am I es¬
teemed? 13. I have esteem (for some one). 14.
I have esteem for you — literally — there is esteem
at me on you. 15. Have you esteem for me? 16
He has affection for you. 17. Has she affection
for you? 18. I have a dislike for you. 19. Have
you a dislike for me? 20. He has help (strength
for it, i.e., against it. 21. Has he help for it? 22.
He has no help for it. 23. Have not you help for
it? 24. He has affection for you. 25. I have aff¬
ection for you. 26. My secret (treasure), have
you affection for me ? 27. I have love for God.
28. God has love for me. 29. He is a person with
(i.e., devoted to, belonging to) God, the young
man. 30. The young man is a son to you. 31
Whether is the young man your son ? 32. It is
better with me (i.e., I consider it better ; I'd rath¬
er have) fame than gold. 33. I'd rather have sense
than gold.
The vocabulary necessary for making the trans¬
lation may be found in previous Lessons,]
EACHTRA EOGHAIN RUAIDH
annso síos.
From the dictation of Mr. Thomas Lannon of
Portlaw, Co. Waterford.
An Buinneán Aorach
(Continued.)
"Ní cailín í," ars an file, ach ala 'n
ghrinn."
Do bhuail sé asteach san iothalain ag¬
us chonnairc sé bó ann.
"Is breágh an bhó í sin agat," ar sé.
"Ní bó air aon chor í ach each," ars'n
file.
"Tá teine bhreágh mhóna agat," ars 'n
garsún."
"Ní teine í," ars an file. "ach glóire
mhór"
"Is breágh é an cat sin agat," ar sé.
"Ní cat é," ars an file, "ach ciuineas"
Bhí bairrile beorach fa bhun an bhalla
aige agus dubhairt sé nar ab beor a bhí
ann acha meidhir. Sé "suan" a thug sé
mar ainm air a leabain agus nuair a
ghoir sé righ de féin budh cheart go m-bei¬
dheadh a thigh na rioghacht agus is amhlaidh
a bhí gan amhrus.
Tháinig tart air an ngarsún agus d'
iarr sé deoch as tobar fíor-uisge a bhí
shíos le h-ais an tighe. Dh'ól sé deoch a¬
gus a dubhairt,
"Is breágh an tobar uisge é so agat."
"Ní uisge é sin air aon chuma," ars
an file, "ach iomadamhlacht."
Sé leithid sin de léigheann leamh a bhí
acu le ruith tamaill na h-oidhche gur dh'
imthig an file do n-a leabain a's do n-a
sheomra féin faoi dheireadh 'nar codail
sé go trom gan meamhair gan mearbhal
inntinne go luingir an lae ghil air a má¬
rach.
D' fhan an garsún 'na shuidhe sgathamh
maith 'n-a dhiaigh chum go g-cuirfeadh sé
an tigh agus an cuid triosgáin tré n-a
chéile Air d-túis chuir sé smeara faoi
sna brógaibh & d' ith na madradh iad
agus ann sin chuir sé an leabhar faoi 'n
m-bó agus righne an bhó gno glan air.
bhuail sé an cat 'sa teine agus chuaidh
an cat sa seomra faoi thún na leapan,
dhóirt sé an barraile beórach agus, rud
níos measa ná gach beart dá righne go
d-ti sin, choimeud sé inghean an fhile 'na
fhochair le ruth na h-oidhche Níor throm
suan de, dh'eirigh sé go trathamhuil agus
chuaidh sé go d-ti dorus an seomra.
"Bh-fuil tú at' shuidhe, righ an tighe," ar
sé. "d'ith soidir socair bhoinn, shalaigh
an each air eidhig, chuaidh meidhir faoi tha¬
lamh, chuaidh ciuinas i m-bun an t-suain
agus an ghlóire mhór 'na dheire, luidhe mé
féin air an settle le h-ala an ghrinn
am' fhochair agus mar a bh-fuil an iom¬
arcadh den' iomadamhlacht agat tá do
righeacht dóighte."
"O, a bhitheamhnaigh," ars an file, "dá
m-beidheadh fios agam gurab é thusa bhí
ann ní bheidheadh lá eile saoghail agat."
Dh'imthigh sé ann sin nuair d' eirigh an
file chum é lámhach agus níor stad sé go
n-deachaidh sé na míltídhe ó bhaile. Chuaidh
sé ag obair ag feirmór agus ní raibh
fhios ag an feirmór cia bh'é óir bhí sé
an-chiuin ruith na h-aimsire.
An tighearna talmhan bhí os ceann an
fheirmóra sin ní thabharfadh sé aon rud
do n-a thionúintighthibh a dheunfadh aon sei¬
rbhís dhóibh. Bhí cráin ag an bh-feirmór
agus tháinic sí faoi lóch. Bhí na fearaibh
lá ag ithe a n-dínneur agus dubhairt an
