AN GAODHAL.
63
feirmór gur bh-feár leis ná puint go bh-
faghadh sé teacht air ál bainidhe as an g¬
colach a bhí ag an máighistear. "Dé an
cabhair sin," ars na fearaibh, "nuair
nár thug sé dadamh d'aonne ariamh chum
seirbhís a dheunadh dhóibh"?
Bhí Eoghan ag éisteacht leo ag caint
gan aon fhocal aige féin (ceann a bheith
na choigcrioch na measg) ach nuair a bhí
deireadh an t-soisgéil acu ráidhte thóig
sé suas a cheann agus labhair sé leis an
bh-feirmór a bhí na shuidhe air an settle.
"Tabhair damhsa an puint agus gheobh¬
aidh mé an colach dod' chráin."
"Nach faghainn féin é níos luaithe ná
thusa, dé 'n aithin atá aige ortsa"? ar
san feirmór.
"Maiste," ars an garsún "leagaim
púint air do phuint-sa, cuir an dá phúint
air lámh do mhic agus mar a bh-fadhadsa
an colach dod' chráin biodh an dá phúint
agat."
Labhair an mac leis an athair ann sin
dá rádh,
"Leag an púint agus gheobhair an dá
phúint mara bh-fadhaidh sé an colach mar
tá mise dul leis."
Righne an feirmór mar a dubhairt sé
agus dh' imthigheadar araon leo.
"Thocaim anois," ars ars an mac, ag
gabhailt anonn doibh d-ti an tigh mór,
"biodh Sir agat le gach aon fhocal a dhéar¬
faidh sé so."
Chuadar d-ti an geata agus do chroch
an garsún é chum go n-deunfadh sé glór
de. Chualaidh an duine uasal an toran
bhí amuich agus tháinig amach go d-ti iad
agus d' fhiafraigh sé dhe'n gharsún cad a
bhí uatha, bhain Eoghan a hata dhe féin &
labhair sé leis mar so:
"Chuir Sir mise le Sir muice go d-ti
Sir colaigh tá aige Sir thusa."
"Cia shé thusa"?
"Mise Eoghan Ruadh ó Móin Ruadh,
buachaill Uillíam Ruadh Hatchet, a thái¬
nig le cráin Ruadh d-ti colach Ruadh atá
aige Uillíam Ruadh Narket."
"Gheobhair-si an colach," ars an duine
uasal, "agus ní bh-fuair aon-ne riamh
reomhat é."
(See page 70 for continuation)
Prayers written from the dictation of Mrs. Mc¬
Donald, a native of Ballina, Co. Mayo,
— J J Lyons.
On Coming in Sight of a Church.
Go m-beannuighthior dhuit, athair altóir,
Do chros bhreágh, dhíreach, dhuilliúrach, ghlas,
Nár leigidh tú m' anam-sa thart,
Go g-congbhuighidh tú é air do dheágh stad,
Go líonaigh tú ar g-croidhthe leis a' nglóir
Agus ar súile lán de na deoraibh aith¬
righe.
Go d-tugaidh tú ar g-cionn dúinn de gach
aifrionn
Da leightear anns a' Róimh andiu, agus
air fud a' domhain mhóir.
Ó, a Íosa, a geineadh sa Márt,
Ó, a Íosa, a rugadh sa stábla,
Ó, a Íosa, foileamhnach Mháire,
Go m-buailigh tú braon de do mhór
ghrásta
Air ar g-corp a spíonas gach claon-
pheacadh
Da m-beidh air ar n-anam bocht.
Paidirín páirteach a ngáirdín Pharthais
A moladh na mná a bhí go maith ariamh.
Budh mhaith a' sagart Mac Dé,
Budh mhaith a' t-aifrionn a léighfeadh sé,
Bhaisd sé Eoghan agus bhaisd Eoghan é.
Thainic aingeal asteach as Leath-chuain
Go Chioll-chuain go bh-feicfeadh sé ar ceu¬
sadh é.
Ní'l aonduine a deirfeas mo phaidir
naoi n-uaire
Nach d-tiúbh'rfaidh sé naoi n-anamacha
as purgadóir,
Agus a anam fhéin asteach go flaitheas
a lá deireadh.
Téidhrigh ann aifrionn diadomhnaigh
Agus ná deun stródh as do bhrat,
Téidhrigh a g-comhraic na d-trí ród
Agus úmhlaigh fó an duine bocht;
Cidh gur bocht é bochtán Dé
Bhí Mac Dé nna riocht,
Dá m-budh leat airgead agus ór,
Agus ceo na g-cnoc
Ní leat flaitheas go deo
Gan leaba 's déirce don duine bocht.
Our readers who require Catholic Bibles, Pray¬
er Books, standard Catholic Works and Religious
articles, will find the largest, most complete and
extensive assortment in America at the old estab¬
lished house of D & J Sadlier & Co., 33 Barclay
St. N. Y., being established over half a century.
féach.
l. 70
Féach.
vol. VII, l. 936
vol. V. l. 625.
