AN GAODHAL.
65
13
"O'n bháile de Nasairet," do fhreagair an Naomh,
Mar mháireamar í d-tír an Iudáidhaigh;
Theitheamar ó thíorán, dhearguithear a láimh'
Le fuil de naoidheacháinibh do mharbhuigh.
14
Dubhradh duinn fanachd, go réidhteóchadh aithne
An aingil uair eigin d' ar g-casadh;
Acht go nuige sin máirimid í d-tír an choigcrighe,
Agus i n-Éigipt béidh againn ar sosadh."
15
"Din fanaidh sibh liom," gháir an ghiofog í sáimh
'S déanaidh de'm bháile bhur áitighiughadh
Iomdha bliadhanta ghuidheas go m-béidheadh an t-ám
Go d-tiocfadh Súil bheannuighthe na nGeinteadh."
16
Do phóg sí a dhá chois, agus do chrom sí a glúin,
Agus dá adhradh a g-céadóir dob áil;
Bhí cho taithnighthe an mháthair, gur ghlac sí an run,
Leis an ngiofog do mharthain, cois "Nile."
M. Ua Cearbhaill.
An chéad lá de Fheabhra, 1891.
COSAMHLACHT.
Tá smigeadh breágh glórmhar anois air an t-sruth,
Ag lonnradh faoi sholus na gréne a n-diú,
Ní'l smúid air an spéir, a's ní'l ceo air an t-sliabh,
Tá na h-éin fós ag seinnim go binn air gach craobh,
Is sgiamhach gach fearran le bláthaibh 's le feur,
Tá baladh na m-bláth sin ag líonadh an aeir
Tá na caoire ag méidhleach go h-ísiol a's suairc,
Tá na ba a's na laoigh fós ag géimniughadh gan duairc,
'S tá cailín deas éigin ag seinim maraon
Le gach aon nidh ceolmhar faoi thaithneamh na gréin',
Tá a guth caoin níos binne 'ná cách, óir is í
Mo mhúirnín gheal áluinn, is í aoibhneas mo chroidhe.
Acht gídh go bh-fuil gach nídh ann, sultmhar a's breágh,
Ag sgapadh air gach taobh díom aoibhnis a's grádh';
Tá brón air mo chroidhe, óir tá Éire gan saoirse,
Faoi chosaibh na Sacsanaigh brúighte a n-daoirse.
Seal bhí mé ag smuaineadh, tháinic neul dubh a líon
An speur lán de ghruaim, a's a dhubhaigh an ghrian;
A seal geárr bhí 'n lá seo chómh dubh leis an oídh'
Bhí eagla uathbhásach air gach nídh 'n a luídhe,
Bhí brón air an t-sruth, a's bhí toit air an t-sliabh,
Níor sheinn na h-éinínidhe a g-ceol air an g-craobh
Do chrom síos na blátha a g-cinn gus an bh-feur,
Bhí gach nídh a g-ceangail an doilghís go léir,
Do líonadh mo chroídhe-se níos láine de bhrón,
'S do meas mé go n-dubhairt gach nídh beo — Ochón!
Tar éis seo do ruagadh na neulta ó 'n speur,
Do lonnruigh an ghrian gheal arís air an bh-feur,
Do sheinn na h-éinínidhe go binn 'measg na g-crann,
Do thuisligh an sruth beag go grinn treas an ngleann,
