(19)
8Mhadh Rol. Uimh. 7.
ABRÁN,
1891.
The following poem was written at the Philadelphia Irish School from
the recitation of Mr. James Collins, a native of Rosscarbery, Co. Cork.
— J. J. LYONS.
SEÁGHAN de BARRA.
Suighidh, a dhaoine, go n-inseoghaidh mé sgeul daoibh
Cad iad na trí nidh is mó chum a' t-anam a dhaoradh,
A bheith geallamhuint, caillmhuint, barrmhuil, breugach,
Buartha, malluighthe, 's is damanta é a saothar.
Is sáimh 's is socair a bhídheann a' cholan air suan,
Cuinle geala air lasadh taobh suas de,
Na mná críonna n-a suigheadh go gruama,
'S na mná óga 's a n-deor air a n-gruaidhe aca.
Buidheachas le Dia mar dhéanas an aoine,
Nó bheidheadh mo chuid feola n-a spólaidhe ciara,
'S mo chuid fula n-a lochaibh am thimchioll,
S ó, a Mhuire bheannuighthe, sgreadaim go síor ort.
Bhídheas a gabháil suas bóithrín caol dam,
Bhí an dá mhactire air gach taobh dam,
'S a m-beul air leith aca chum mo stróca ó chéile,
Nó mo chur go h-ifrionn a foileann na péine.
Do bhí chuig teine aca chum mo dhóighte,
Budh mhó gach aon teine aca ná chúig ceud cis mhóna,
