76
AN GAODHAL.
TEANGA NA h-ÉIREANN.
Seo gráin do na daoinibh gan anam gan croidhe,
Nach n-gádhuigheann teanga 'gus ceol binn a d-tír';
Seo fuath 'gus mí-mheas do 'n drong seo a choidhche, —
An drong sin tá líonmhar in Éirinn, — faraor!
Och! cluinimse daoine, gach lá anns an mí
Ag glaodhadh go h-árd uim a d-tír-ghrádhacht mhór ;—
Aig caint air an m-bruid a bh-fuil Éire bh-fad faoi,
'S aig maslughadh a námhaid i n-droch bheurla go leor.
Tá an drong seo a g-cómhnuidhe (do réir a g-caint féin),
'N saigheadóiribh treuna, 's 'na d-taoiseachaibh fíor';
Táid uile toileamhuil le píce no chloidheamh
Do tharraing, go réidh, air son saoirse a d-tír'.
Táid go síoruidhe ag gul a's ag caoineadh go geur
An sgrios a's an crádh tá go trom air ár sliocht;
'Gus ag cáineadh an t-Sacsain do dhíbir go léir
Ár muintir, a's d' fhág sinn 'nn ar n-deoraidhthibh m-bocht'.
Budh mhaith leis an dream seo a d-talamh gan cíos, —
Budh mhaith leo a n-dlíghthe do dheunadh iad féin, —
Budh mhaith leo na tíghearnuidhe bheith díbirte síos
Ann áit tá níos teo, — gídh is fad í ó 'n ngréin.
Acht trácht leis an drong seo air theangain a d-tír' —
An teanga do labhair a n-díl-sinnsear fad ó —
An teanga budh chóir a bheith cáinte go fíor
Le gach Éireannach buan, a's tír-ghrádhach, go deo.
Trácht leo air shean abhránaibh blasda na m-bárd,
Agus seinn dóibh an ceol sin, is binne 'san domhan;
Agus innis dóibh sgeultha an am' tá thart,
'Nuair bhí fóghluim na hÉireann mar sholas an nóin.
'Sé an freagra is dóighthe dhuit d'fhághail uatha seo;
"Tá teanga ár n-oileán 'nois marbh go deo;
Tá an beurla níos tairbhe dhúinn, — greamóchamaoid dhó;
Tá againn aon teanga — ní'l maith anns an dó."
Mo thruaigh! an drong seo, — ní iongantach mar tá
Ar d-tír, a's ar muintir, bocht, ísiol, a n-diú;
Ní iongantach go bh-fuil sinn faoi bhrón 'gus mí-ádh,
Gan meas a's gan urraim, gan onóir 's gan cliú.
Is fíor iad na focla a deir an sean-rádh :—
'Bídheann meas air na daoinibh a mheasas iad féin," —
idh muintir na h-Éireann faoi dhrach-mheas go bráth
Má leigfidh siad teanga ar n-aithreachadh uainn.
Vide
2. p. 290.
Vol. III. No 3. p. 307.
